20220124_IRISH_cleachtadh_mileata_na_ruise_ag_cur_an-imni_ar_an_aire_coveney



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ybzu69n5

Minister Coveney’s deep concern over Russian military exercise.

Cleachtadh míleata na Rúise ag cur an-imní ar an Aire Coveney.

The Minister of Foreign Affairs, Simon Coveney, intends to carry out Russia’s planned military exercise off the coast of this country by the Russian Ambassador to Ireland.

Tá sé i gceist ag an Aire Gnóthaí Eachtracha,Simon Coveney, an cleachtadh míleata atá beartaithe ag an Rúis amach ó chósta na tíre seo a tharraingt anuas ag Ambasadóir na Rúise chun na hÉireann.

‘Minister Coveney is not happy with this,’ said Minister of State Patrick O’Donovan on ‘The Week in Politics’ this morning.

‘Níl an tAire Coveney sásta leis seo’ a dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan ar an gclár ‘The Week in Politics’ ar maidin.

Minister of State O’Donovan also indicated that Minister Coveney would also be discussing the issue with European leaders.

Thug an tAire Stáit O’Donovan le fios freisin go mbeadh an cheist á plé ag an Aire Coveney freisin le ceannairí Eorpacha.

This exercise is planned by the Russian navy at the beginning of next month, off the coast of County Cork.

Is ag tús na míosa seo chugainn atá an cleachtadh seo beartaithe ag cabhlach na Rúise, siar amach ó chósta Chontae Chorcaí.

The exercise is taking place in international waters, 240 kilometers southwest of the coast, although it is within the economic zone of the state.

Is in uiscí idirnáisúnta atá an cleachtadh ar bun, 240 cíliméadar siar ó dheas ón gcósta, cé go bhfuil sé laistigh de limistéar eacnamaíochta an stáit.

The Irish Aviation Authority (IAA) says what the Russians are doing will not disrupt Irish airspace.

Deir Údarás Eitlíochta na hÉireann (IAA) nach gcuirfidh a mbeidh ar siúl ag na Rúisigh isteach ar aerspás na hÉireann.

However, normal commercial aircraft will be diverted while the exercise takes place.

Mar sin féin, cuirfear na gnáth eitleáin thráchtála ar threo eile fad is atá an cleachtadh ar siúl.

Labor MP Ivana Bacik said ‘since she is currently on the UN Security Council, this country should send a strong message to the Russian Government’.

Dúirt an Teachta Dála leis an Lucht Oibre,Ivana Bacik, ‘ó tá sí ar Chomhairle Shlándála na Náisiún Aontaithe faoi láthair, ba cheart don tír seo teachtaireacht láidir a sheoladh chuig Rialtas na Rúise’.

Sinn Féin’s spokeswoman for defense, Sorcha Clarke, has also expressed concern about this practice.

Tá urlabhraí Shinn Féin ar chúrsaí cosanta,Sorcha Clarke, tar éis a himní a chur in iúl faoin gcleachtadh seo freisin.

Security analyst Tom Clonan said Russia had decided to conduct its military tests off the coast of Ireland to send a strong message from Europe and NATO.

Dúirt anailisí ar chúrsaí slándála,Tom Clonan gur shocraigh an Rúis a chuid tástálacha míleata a dhéanamh amach ó chósta na hÉireann chun teachtaireacht láidir a sheoladh ag an Eoraip agus NATO.

‘Our country is clearly weak in security’ he said ‘because we do not have the resources to keep an eye on the sea’.

‘Is léir go bhfuil an tír s’againne lag ó thaobh na slándála de’ a dúirt sé ‘mar nach bhfuil na hachmhainní againn le súil a choinneáil ar an bhfarraige’.

‘Also, we do not have the highest quality radar to monitor the country’s airspace,’ said Tom Clonan.

‘Chomh maith leis sin, níl an radar ar an gcaighdeán is airde againn le súil a choinneáil ar aerspás na tíre’ a dúirt Tom Clonan.

He also said that the Government needs to spend more to protect the country, as we are almost the lowest in Europe, in terms of spending money in this area.

Dúirt sé freisin go gcaithfidh an Rialtas breis caiteachais a dhéanamh ar mhaithe le cosaint na tíre, mar gur muid is ísle san Eoraip geall leis, ó thaobh airgead a chaitheamh sa réimse seo.

Leave a Reply