20211125_IRISH_tubaiste_i_muir_niocht:_31_imirceach_ar_a_laghad_baite



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y444baur

Disaster in the Channel: At least 31 migrants drowned.

Tubaiste i Muir nIocht: 31 imirceach ar a laghad báite.

At least 31 people – migrants from different countries – were drowned while trying to cross the sea between France and England today.

Báthadh 31 duine ar a laghad – imircigh ó thíortha éagsúla – agus iad ag iarraidh dul trasna na farraige idir an Fhrainc agus Sasana inniu.

The boat in which they were anchored in the Channel reportedly left the port of Calais.

Tuairiscítear go ndeachaigh an bád ina raibh siad faoi i Muir nIocht amach ó chalafort Calais.

A fisherman called the authorities when he saw bodies on top of water.

Iascaire a chuir fios ar na húdaráis nuair a chonaic sé coirp ar barr uisce.

Some people were taken from the water while still alive and are being treated in hospital.

Tugadh roinnt daoine ón uisce agus iad fós ina mbeatha agus tá cóir leighis á cur orthu san ospidéal.

French Prime Minister Jean Castex called it a tragedy and blamed human traffickers.

Dúirt Príomh-Aire na Fraince Jean Castex gur tragóid a bhí ann agus dúirt gur lucht gáinneála ar dhaoine a bhí freagrach as.

The number of migrants from the Eastern World who are mostly trying to get to Britain from France in small boats every day remains an unresolved crisis.

Géarchéim gan réiteach fós is ea líon na n-imirceach as an Domhan Thoir den chuid is mó a fhéachann le teacht chun na Breataine ón bhFrainc i mbáid bheaga gach aon lá.

It is estimated that around 25,000 people have made the voyage so far this year and that the emergency services have had to rescue almost another 8,000.

Áirítear gur éirigh le thart ar 25,000 duine an turas farraige a dhéanamh go dtí seo i mbliana agus go mb’éigean do na seirbhísí éigeandála beagnach 8,000 eile a tharrtháil.

The situation is a source of great contention between France and Britain.

Tá an scéal ina údar mór aighnis idir an Fhrainc agus an Bhreatain.

Both sides accuse each other of not doing their best to resolve the issue.

Cuireann an dá thaobh i leith a chéile nach bhfuil siad ag déanamh a ndíchill leis an gceist a fhuascailt.

Leave a Reply