20211126_IRISH_fiosruchan_dunmharaithe_faoi_bhas_fir_i_mbaile_brigin



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y6zdpelp

Murder inquiry into death of man in Balbriggan.

Fiosrúchán dúnmharaithe faoi bhás fir i mBaile Brigín.

Gardaí are investigating a murder into the death of a 65-year-old man whose body was found in Dublin yesterday evening.

Tá fiosrúchán dúnmharaithe ar bun ag na Gardaí faoi bhás fir 65 bliain d’aois a bhfuarthas a chorp i mBaile Átha Cliath tráthnóna inné.

Christopher Hall’s body was found at his residence in Dunsany Green in Balbriggan in the north of the county.

Fuarthas corp Christopher Hall ina theach cónaithe i bhFaiche Dhún Saithne i mBaile Brigín i dtuaisceart an chontae.

He is said to have suffered serious head and body injuries.

Deirtear gur bhain droch-ghortuithe sa cheann agus sa cholainn dó.

His family is grown up and he lived alone in the house.

Tá a chlann fásta agus bhí sé ina chónaí sa teach ina aonar.

House robbery does not appear to have been involved and Gardaí consider that Christopher Hall may have known the attacker.

Ní cosúil go raibh ropaireacht tí i gceist agus measann na Gardaí go mb’fhéidir go raibh aithne ag Christopher Hall ar an té a d’ionsaigh é.

The Gardaí are examining videos from security cameras and are also gathering information from local people.

Tá físeáin ó cheamaraí slándála á scrúdú ag na Gardaí agus tá siad ag bailiú eolais freisin ó mhuintir an cheantair.

Christopher Hall’s body was examined post – mortem this afternoon.

Rinneadh scrúdú iarbháis á dhéanamh ar chorp Christopher Hall tráthnóna.

Leave a Reply