20211124_IRISH_45_duine_maraithe_i_dtubaiste_bus_sa_bhulgair



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/y2prg7cy

45 people killed in bus crash in Bulgaria.

45 duine maraithe i dtubaiste bus sa Bhulgáir.

At least 45 people, including twelve children, were killed when a bus caught fire in western Bulgaria.

Maraíodh 45 duine ar a laghad, dáréag paistí ina measc, nuair a chuaigh bus trí thine in iarthar na Bulgáire.

The crash happened early this morning on a highway about 40 kilometers south of the capital Sofia.

Tharla an tubaiste go moch ar maidin ar mhórbhealach thart ar 40 ciliméadar ó dheas ón bpríomhchathair Sóifia.

It is not yet known what caused the fire.

Ní fíos fós cad ba chúis leis an dóiteán.

A police spokesman said because the driver was killed no one was able to open the door of the bus.

Dúirt urlabhraí na bpóilíní mar gheall gur maraíodh an tiománaí nach raibh aon duine in ann doras an bhus a oscailt.

Out went the windows went the people who took their feet with them, he said.

Amach na fuinneoga a chuaigh na daoine a thug na cosa leo, a dúirt sé.

There were 52 passengers on the bus, he said, and twelve of the 45 lost were under eighteen.

Bhí 52 paisinéir ar an mbus, a dúirt sé, agus bhí dáréag den 45 duine a cailleadh faoi ocht mbliana déag.

The majority of the dead are believed to be of Macedonian, Albanian and Serbian origin.

Tuigtear gur daoine de bhunadh na Macadóine Thuaidh, na hAlbáine agus na Seirbia a bhí i bhformhór na marbh.

The bus was traveling between Istanbul in Turkey and Skopje in Northern Macedonia at the time of the disaster.

Bhí an bus ag taisteal idir Iostanbúl sa Tuirc agus Scóipé sa Mhacadóin Thuaidh nuair a tharla an tubaiste.

Leave a Reply