20211030_IRISH_19_milliun_duine_i_mbeal_an_bhais_le_hocras_san_afganastain



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yguchu6r

19 million people are dying of hunger in Afghanistan.

19 milliún duine i mbéal an bháis le hocras san Afganastáin.

The United Nations World Food Program has indicated that millions of people in Afghanistan are at risk of starvation if other countries do not provide them with more relief supplies without delay.

Tá sé tugtha le fios ag Clár Domhanda Bia na Náisiún Aontaithe go bhfuil na milliúin daoine san Afganastáin i mbaol báis den ocras mura gcuirfidh tíortha eile tuilleadh soláthairtí fóirithinte ar fáil dóibh gan mhoill.

Since the Taliban came to power again in Afghanistan three months ago, the country has been subject to economic sanctions by governments and agencies in the western world.

Ó tháinig an Talaban i gcumhacht arís san Afganastáin trí mhí ó shin, tá smachtbhannaí eacnamaíochta curtha ar an tír ag rialtais agus gníomhaireachtaí an domhain thiar.

The head of the World Food Program in Afghanistan, Mary Ellen McGroarty, said the country ‘s hospitals are already overcrowded with severely malnourished children.

Dúirt ceannasaí an Chláir Dhomhanda Bia san Afganastáin, Mary Ellen McGroarty, go bhfuil ospidéil na tíre lán go tairseach cheana féin le leanaí a bhfuil easpa mhór cothaithe orthu.

Food is scarce and what is available, the price is very high, she said.

Tá bia gann agus a bhfuil le fáil de, tá an praghas fíorard, a dúirt sí.

As a result, the price of fuel is out of proportion to people’s incomes.

Ar a dhroim sin, tá praghas breosla as compás le hioncam daoine.

It is also reported that some people are so distressed that they are selling their children to strangers.

Tuairiscítear freisin go bhfuil roinnt daoine chomh mór sin in anás go bhfuil siad ag díol a leanaí le strainséirí.

They are so given up in despair, Mary Ellen McGroarty said, that they have given up their own children.

Tá siad chomh tugtha suas don éadóchas, a dúirt Mary Ellen McGroarty, go bhfuil a leanaí féin tugtha suas acu.

Speaking to RTÉ, she pointed out that 19 million people are dying of hunger in Afghanistan and that in the next few weeks it will be 22.8 million when it is winter.

Agus í ag labhairt ar RTÉ, thug sí le fios gur 19 milliún duine atá i mbéal an bháis leis an ocras san Afganastáin agus gur 22.8 milliún a bheas i gceist i gceann roinnt seachtainí nuair a bheas sé ina gheimhreadh thall.

At least $ 200 million a month is needed to drive a major famine out of the door, Mary Ellen McGroarty said.

$200 milliún sa mhí ar a laghad atá de dhíth le gorta ábhalmhór a chur ó dhoras, a dúirt Mary Ellen McGroarty.

Leave a Reply