20211029_IRISH_mna_torracha_7%_de_dhaoine_in_aonaid_dianchuraim_le_dha_mhi



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yhvhxvcu

Pregnant women 7% of people in intensive care units for two months.

Mná torracha 7 faoin gcéad de dhaoine in aonaid dianchúraim le dhá mhí.

Pregnant women accounted for 7% of hospital admissions in two months, compared with 2% in the first half of the year and 1% for the whole of last year.

Mná torracha 7 faoin gcéad de dhaoine a cuireadh in aonaid dianchúraim sna hospidéil le dhá mhí, i gcomórtas le 2 faoin gcéad sa chéad leath den bhliain agus 1 faoin gcéad i gcaitheamh na bliana ar fad anuraidh.

That’s what the Health Service Executive’s clinical director of women’s and infant health, Dr Peter McKenna, has suggested.

Sin atá tugtha le fios ag stiúrthóir cliniciúil shláinte ban agus naíonán Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an Dr Peter McKenna.

He said fifteen women are, or have been, expecting a baby who has been placed in intensive care units since the beginning of September.

Dúirt sé gur cúig bhean déag atá, nó a bhí, ag súil le leanbh a cuireadh in aonaid dianchúraim ó thús Mheán Fómhair.

Dr. McKenna indicated that thirteen had not received the Covid-19 vaccine and the other two had received only the first dose.

Thug an Dr McKenna le fios nach raibh an vacsaín covid 19 faighte ag trí dhuine dhéag acu agus nach raibh ach an chéad dáileog faighte ag an mbeirt eile.

Some relied on a ventilator for several weeks because of how sick they were, he said.

Bhí cuid acu ag brath ar aerálaí ar feadh roinnt seachtainí de bharr chomh tinn agus a bhí siad, a dúirt sé.

He also said that in the last of the three quarters – when they are short- sighted – pregnant women with Covid-19 are ill.

Dúirt sé freisin gur sa ráithe dheireanach de na trí ráithe – agus iad taobhthrom gearranálach – is breoite a bhíonn mná torracha a bhfuil covid 19 ag gabháil dóibh.

Conversely, Dr McKenna noted that a recent survey showed that 58% of the 750 women in maternity units nationwide were fully vaccinated and 74% of those women’s spouses were fully vaccinated.

Os a choinne sin, thug an Dr McKenna gur léirigh suirbhé a rinneadh le gairid go raibh 58 faoin gcéad den 750 bean in aonaid mháithreachais ar fud na tíre iomlán vacsaínithe agus go raibh 74 faoin gcéad de chéilí na mban sin iomlán vacsaínithe.

According to him, these figures are disappointing because they show – albeit slowly – that people are gradually making sense.

Údar docháis na figúirí sin, dar leis, mar go léiríonn siad – más go mall féin é – go bhfuil ciall ag teacht chuig daoine de réir a chéile.

Leave a Reply