20211023_IRISH_ticeid_de_dhith_le_fail_isteach_i_gclubanna_oiche



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yhwbol5s

Tickets required to enter nightclubs.

Ticéid de dhíth le fáil isteach i gclubanna oíche.

People wishing to go to nightclubs to reopen tonight for the first time in over a year and a half will not be allowed without tickets.

Ní bheidh cead isteach gan ticéid ag daoine a bhfuil fonn orthu dul chuig clubanna oíche atá le h-athoscailt anocht den chéad uair le breis is bliain go leith anuas.

Nighttime entertainment venues have been allowed to reopen tonight after the Government agreed safety guidelines last night between itself and representatives from the sector.

Tá cead ag ionaid siamsaíochta oíche oscailt arís anocht indiaidh don Rialtas treoirlínte sábháilteachta a aontú aréir idir é agus ionadaithe ón earnáil.

Catherine Martin, Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and the Media, said their goal was to strike a balance between public health in a bid to allow the reopening of nightclubs after almost 600 days of closure.

Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltacht, Spórt agus Meán Catherine Martin gur cothromaíocht a bhí mar sprioc acu idir shláinte poiblí in iarracht athoscailt ar chlubanna oíche a cheadú i ndiaidh nach mór 600 lá dúnta.

Under the arrangement, nightclubs are allowed to open and welcome 100% of visitors.

Faoin socrú, tá cead ag clubanna oíce oscailt agus fáilte a chur roimh 100 faoin gcéad de chuairteoirí.

Live music venues can open with 100% seated attendance or a maximum of 1,500 standing visitors.

Is féidir le ionaid cheoil bheo oscailt le tinreamh 100 faoin gcéad ina suí nó uasmhéid 1,500 cuairteoirí ina seasamh.

New health and safety guidelines for the hospitality sector, particularly nightclubs, live music venues, pubs and restaurants were published last night.

Foilsíodh treoirlínte nua sláinte agus sábháilteachta don earnáil fáilteachtais, go háirithe clubanna oíche, ionaid cheoil bheo, tithe tábhairne agus bialanna aréir.

It is permissible – in accordance with the guidelines – to reserve more than one table in pubs and restaurants.

Beidh cead – de réir na dtreoirlínte – níos mó ná bord amháin a chur in áirithe i dtithe tábhairne agus i mbialanna.

10 can sit at one table or up to 15 if children are also involved.

Is féidir le 10 suí ag aon bhord amháin nó suas le 15 má tá páistí i gceist freisin.

Table only service still allowed in pubs.

Seirbhís ag an mbord amháin a bheas ceadaithe i dtithe tábhairne go fóill.

People will be allowed to go to the counter to order a drink provided social separation is in place.

Beidh cead ag daoine dul chuig an gcuntar le deoch a ordú ach scaradh sóisialta a bheith i bhfeidhm.

However, a counter meeting will not be permitted.

Ní bheidh cead cruinniú ag an gcuntar, áfach.

However, pubs are not happy that counter service will not be allowed.

Níl na tábhairneoirí sásta, ámh, nach mbeidh cead seirbhís chuntair a chur ar fáil.

Counter service is an important part of the host’s business, their spokesman said.

Is cuid thábhachtach de ghnó an óstóra seirbhís chuntair, a dúirt a n-urlabhraí.

On the contrary, they have welcomed the directive of better enforcement of vaccination certificate rules in pubs.

Os a choinne sin, tá fáilte curtha acu roimh an treoir na rialacha a bhaineann le teastais vacsaínithe a chur i bhfeidhm níos fearr i dtithe tábhairne.

Leave a Reply