20210828_IRISH_solathraiti_leighis_ura_de_dhith_go_prainneach_san_afganastain



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yfos7h43

“Urgent medical supplies urgently needed in Afghanistan”.

“Soláthraití leighis úra de dhíth go práinneach san Afganastáin”.

Medical supplies are becoming scarce in Afghanistan.

Tá soláthairtí leighis ag éirí gann san Afganastáin.

For this reason, the World Health Organization (WHO) hopes to determine an aviation route – or air bridge, as it is called – under which supplies could be brought into the country.

Ar an ábhar seo, tá an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) ag súil le bealach eitlíochta – nó droichead aeir, mar a thugtar orthu – a shocrú faoina bhféadfaí soláthairtí a thabhairt isteach sa tír.

The WHO regional director for Afghanistan, Rick Brennan, has said that this problem is exacerbated and that fresh supplies are urgently needed by now.

Tá sé ráite ag stiúrthóir réigiúnda an WHO san Afganastáin, Rick Brennan, go bhfuil ag géarú ar an bhfadhb seo agus go bhfuil soláthairtí úra ag teastáil go práinneach faoin tráth seo.

Trauma equipment, hospital emergency supplies and medicine given to malnourished children are most needed.

Fearas tráma, soláthairtí éigeandála ospidéil agus leigheas a thabharfar go leanaí go bhfuil droch-chothú orthu is mó atá ag teastáil.

Rick Brennan pointed out that these supplies cannot be brought into the country through Kabul Airport in light of the security risk there, especially in the wake of yesterday ‘s attacks in which 85 people were killed.

Thug Rick Brennan le fios nach féidir na soláthairtí seo a thabhairt isteach sa tír trí Aerfort Chabúl i bhfianaise an riosca slándála ansin, go háirithe i ndiaidh ionsaithe an lae inné inar maraíodh 85 duine.

Because of this, the WHO expects to introduce the supplies through the airport in Mazar-i-Sharif, a city in northern Afghanistan.

Mar gheall air seo, tá an WHO ag súil leis na soláthairtí a thabhairt isteach tríd an aerfort in Mazar-i-Sharif, cathair i dtuaisceart na hAfganastáine.

The authorities in Pakistan are helping the WHO pave the way.

Tá na húdaráis sa Phacastáin ag cuidiú leis an WHO an bealach a shocrú.

Rick Brennan also said that the cost of flight – related insurance in Afghanistan has risen dramatically recently.

Dúirt Rick Brennan freisin go bhfuil ardú ollmhór tagtha le gairid ar an gcostas árachais a bhaineann le heitilt san Afganastáin.

But, he said, it is hoped that in the next three days it will be possible to resolve all the difficulties and begin to deliver essential medical supplies.

Ach, a dúirt sé, tá súil go mbeifear in ann na deacrachtaí ar fad a réiteach as seo go ceann trí lá agus tús a chur le soláthairtí leighis riachtanacha a sheachadadh.

Meanwhile, concerns about the number of homeless people in Afghanistan are mounting.

Idir an dá linn, tá ag géarú ar an imní faoi líon na ndaoine san Afganastáin atá gan dídean.

Many people fled their own cities after the Taliban took control and headed for Kabul, which was still under the control of the Afghan Government before 15 August.

Theith go leor daoine óna gcathracha féin i ndiaidh don Taliban smacht a ghlacadh orthu agus thug siad aghaidh ar Chabúl, a bhí faoi smacht Rialtas na hAfganastáine go fóill roimh 15 Lúnasa.

Those people are now camping in parks in Kabul without much food and there is deadly heat.

Tá na daoine sin anois ag campáil i bpáirceanna i gCabúl gan mórán bia agus tá teas marfach ann.

Leave a Reply