20210827_IRISH_13_duine_maraithe_in_ionsai_buamala_ag_aefort_chabul



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yh9lc6an

13 people killed in bomb attack at Kabul Airport.

13 duine maraithe in ionsaí buamála ag Aefort Chabúl.

An explosion outside Kabul Airport in Afghanistan has reportedly killed several people.

Tuairiscítear gur maraíodh roinnt daoine de bharr pléisce taobh amuigh d’Aerfort Chabúl san Afganastáin.

The Taliban said at least thirteen people had been killed – including children – and that the explosion was caused by a bomb attack.

Dúirt an Talaban go bhfuil trí dhuine dhéag ar a laghad maraithe – páistí ina measc – agus gur ionsaí buamála ba chúis leis an bpléasc.

They said several members of the Taliban were also injured.

Dúirt siad gur gortaíodh roinnt comhaltaí den Talaban freisin.

A spokesman for the American government also said that the explosion was caused by a bomb and that the bomber killed himself.

Dar le hurlabhraí ó Rialtas Mheiriceá chomh maith gur buama ba chúis leis an bpléasc agus gur chuir an buamálaí é féin den saol.

Three American soldiers are believed to be among those injured.

Tuigtear go bhfuil triúr saighdiúirí Meiriceánacha i measc na ndaoine a gortaíodh.

Another explosion was also reported at a hotel near the airport.

Tuairiscítear chomh maith gur tharla pléasc eile ag óstán in aice an aerfoirt.

Western armed forces and diplomats are due to leave Afghanistan by next Tuesday and thousands of natives have been fleeing the country with them since the Taliban came to power again a week and a half ago.

Tá fórsaí armtha agus taidhleoirí an Iarthair le bheith imithe as an Afganastáin faoi Dé Máirt seo chugainn agus tá na mílte dúchasach ag teitheadh ón tír in éindí leo ó tháinig an Talaban i réim arís seachtain go leith ó shin.

Western countries had warned their citizens not to go to Kabul Airport today because there were rumors that Islamic extremists were planning a terrorist attack.

Bhí foláireamh tugtha ag tíortha an Iarthair dá gcuid saoránach gan dul chuig Aerfort Chabúl inniu mar go raibh ráflaí ann go raibh ionsaí sceimhlitheoireachta á bheartú ag antoiscigh Ioslamacha.

Foreign Minister Simon Coveney has confirmed that Irish diplomats and soldiers in Kabul are safe.

Dhearbhaigh an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney go bhfuil taidhleoirí agus saighdiúirí na hÉireann i gCábúl slán sábháilte.

Leave a Reply