20210826_IRISH_ni_feidir_dul_siar_ar_chinneadh_faoin_electric_picnic



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yenxyr9o

“A decision about the Electric Picnic is irreversible”.

“Ní féidir dul siar ar chinneadh faoin Electric Picnic”.

Laois County Council has stated that they cannot legally license the Electric Picnic music festival after previously refusing an application.

Tá sé ráite ag Comhairle Chontae Laoise nach féidir leo de réir an dlí ceadúnas a thabhairt do fhleá cheoil an Electric Picnic tar éis dóibh diúltú d’iarratas cheana.

In a statement, it was stated that no application could be processed in time for the festival which is usually held in the Village, Co Laois, between August and September each year.

I ráiteas, dúradh nach bhféadfaí aon iarratas a phróiseáil in am don fhleá á reáchtáiltear sa Sráidbhaile, Co Laoise, idir Lúnasa ag Meán Fómhair gach bliain, go hiondúil.

It was decided on August 4 not to allow the festival this year due to Covid-19 restrictions and there is no legal way to reverse that decision, it was said.

Cinneadh ar an 4 Lúnasa gan an fhéile a cheadú i mbliana mar gheall ar shrianta covid 19 agus níl aon bhealach de réir an dlí le dul siar ar an gcinneadh sin, a dúradh.

It has also been said that nothing has changed in terms of Covid-19 restrictions since then despite Chief Medical Officer Dr Tony Holohan ‘s statement yesterday that large outdoor events could be run for people who are fully vaccinated.

Dúradh chomh maith nach bhfuil tada athraithe ó thaobh srianta covid 19 de ó shin ainneoin ráiteas an Phríomhoifigigh Leighis an Dr Tony Holohan inné go bhféadfaí ócáidí móra taobh amuigh a reáchtáil do dhaoine atá iomlán vacsaínithe.

Earlier, MCD organizers indicated that they would again ask Laois County Council for permission to run its festival in light of what Tony Holohan had said.

Níos túisce, thug an lucht eagraithe MCD le fios go n-iarrfaidís arís ar Chomhairle Chontae Laoise cead a thabhairt a fhéile a reáchtáil i bhfianaise a raibh ráite ag Tony Holohan.

Leave a Reply