20210825_IRISH_galar_daoine_oga_nach_bhfuil_vacsainithe_is_ea_covid-19_anois



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ydtypj56

“Covid-19 is now a disease of unvaccinated young people”.

“Galar daoine óga nach bhfuil vacsaínithe is ea covid 19 anois”.

Professor Philip Nolan of the National Public Health Emergency Team said Covid- 19 is now a disease of young people who have not been vaccinated.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí gur galar é atá ar dhaoine óga nach bhfuil an vacsaín faighte acu is ea Covid- 19 den chuid is mó anois.

The number of cases of the disease is very high among 16- to 29-year-olds, especially recently, Professor Nolan said.

Tá líon na gcásanna den ghalar an-ard i measc daoine idir 16 agus 29 bliain, go háirithe le gairid, a dúirt an tOllamh Nolan.

At an afternoon press conference, he said it was worrying that older people over the age of 65 and young children were taking the disease from them.

Ag preasócáid tráthnóna, dúirt sé gur údar imní é go bhfuil daoine aosta os cionn 65 bliain agus páistí óga ag tógáil an ghalair ón dream sin.

Earlier in the evening, it was announced that 1,571 new Covid-19 cases had been recorded in the State resulting in 307 hospitalizations.

Níos túisce tráthnóna, fógraíodh gur taifeadadh 1,571 cás nua covid 19 sa Stát agus go bhfuil 307 duine in ospidéil dá bharr.

Professor Nolan said 70% of new cases announced today are people who have not received the vaccine, or have only received the first dose.

Dúirt an tOllamh Nolan gur daoine iad nach bhfuil an vacsaín faighte acu, nó nach bhfuil ach an chéad dáileog faighte acu, 70 faoin gcéad de na cásanna nua a fógraíodh inniu.

Leave a Reply