20210824_IRISH_aitheantas_idirnaisiunta_don_talaban_le_ple_ag_g7



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yz47m78x

International recognition for the Taliban to be discussed at G7.

Aitheantas idirnáisiúnta don Talaban le plé ag G7.

Leaders of G7 countries will hold a virtual meeting today to discuss the unrest in Afghanistan.

Beidh cruinniú fíorúil inniu ag ceannairí thíortha an G7 leis an gcorraíl san Afganastáin a phlé.

The G7 countries are the United States, Britain, Italy, France, Germany, Canada and Japan.

Is iad na Stáit Aontaithe, an Bhreatain, an Iodáil, an Fhranic, an Ghearmáin, Ceanada agus an tSeapáin tíortha an G7.

The Americans are trying to end the evacuation of people from the country a week from today but other countries are talking about extending that deadline.

Tá na Meiriceánaigh ag iarraidh deireadh a chur le haslonnú daoine ón tír seachtain ó inniu ach tá tíortha eile ag caint ar shíneadh a chur leis an spriocdháta sin.

Leaders will also discuss whether the new Taliban regime in Afghanistan should be officially recognized internationally.

Pléifidh na ceannairí freisin ar cheart aitheantas oifigiúil idirnáisiúnta a thabhairt do réimeas nua an Talaban san Afganastáin.

The Taliban ‘s assistance will be needed if people are to continue to be evacuated after 31 August, and there is talk of persuading the new government and promising to officially recognize them.

Beidh cúnamh an Talaban ag teastáil má táthar le leanacht le haslonnú daoine tar éis an 31 Lúnasa, agus tá caint ar an rialtas nua a bhréagadh agus gealltanas a thabhairt dóibh iad a aithint go hoifigiúil.

However, UN human rights leader Michelle Bachelet has said she is concerned about the Taliban’s treatment of women in Afghanistan.

Tá sé ráite ag ceannaire cearta daonna na Náisiún Aontaithe Michelle Bachelet, ámh, go bhfuil imní uirthi faoin gcaoi a gcaithfidh an Talaban le mná san Afganastáin.

She called on the Taliban to keep their promises not to oppress women and girls and minorities in the country.

D’iarr sí ar an Talaban cloí lena ngealltanais gan mná agus cailíní agus mionlaigh sa tír a chur faoi chois.

Leave a Reply