20210722_IRISH_teastais_vacsainithe_le_seiceail_ag_doirseoiri_tithe_tabhairne



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ye9e8uh6

Vaccination certificates to be checked by pub doormans.

Teastais vacsaínithe le seiceáil ag doirseoirí tithe tábhairne.

It is understood that the Government is to provide businesses with a scanning device to verify their customers’ Covid-19 certificates.

Tuigtear go bhfuil gléas scanta le cur ar fáil ag an Rialtas do lucht gnó chun teastais covid 19 a gcuid custaiméirí a dheimhniú.

The matter is being discussed at a Government meeting today.

Tá an scéal á phlé ag cruinniú Rialtais inniu.

The Irish Federation of Pubs has announced that pubs intend to ask customers to show them their Covid-19 certificates before attending.

Thug Cónaidhm Thábhairneoirí na hÉireann le fios go bhfuil sé i gceist ag tábhairneoirí iarraidh ar chustaiméirí a dteastais Covid- 19 a thaispeáint dóibh sula bhfreastalóidh siad orthu.

Speaking on RTÉ, pub spokesman Michael O’Donovan said a staff member will be checking the certificates at the door.

Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt urlabhraí na dtábhairneoirí Michael O’Donovan go mbeidh ball foirne ag seiceáil na dteastas ag an doras.

Michael O’Donovan also said that most pubs have adequate ventilation and that some owners have installed additional monitoring and inspection equipment.

Dúirt Michael O’Donovan chomh maith go bhfuil cúrsaí aerála i gcóir sa chuid is mó de thábhairní agus go bhfuil gléasra breise monatóireachta agus íontóireachta suiteáilte ag roinnt úinéirí.

Pubs say everything is on schedule in time for next Monday, when indoor services will once again be available in pubs and restaurants.

Dar leis na tábhairneoirí go bhfuil gach rud faoi réir acu in am don Luan seo chugainn, tráth a chuirfear seirbhísí taobh istigh ar fáil arís i dtithe tábhairne agus i mbialanna.

The increase in the number of Covid-19 cases is also being discussed at the Government meeting today.

Tá an t-ardú ar an líon cásanna covid 19 á chaibidil ag an gcruinniú Rialtais inniu freisin.

1,110 new cases of the disease were recorded yesterday and 89 Covid-19 patients are in hospitals nationwide.

Taifeadadh 1,110 cás nua den ghalar inné agus tá 89 othar covid 19 in ospidéil ar fud na tíre.

Leave a Reply