20210723_IRISH_triur_baite_i_lochanna_in_aiteanna_eagsula



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yf2tplgm

Three drowned in lakes in various places.

Triúr báite i lochanna in áiteanna éagsúla.

Two men and a woman died as a result of drowning in various parts of the country yesterday.

Bhásaigh beirt fhear agus bean de bharr a mbáite in áiteanna éagsúla sa tír inné.

A woman in her twenties was drowned in Lough Eala near Lough Gowna, Co Cavan, at around 9.30 last night.

Báthadh bean sna fichidí i Loch Eala in aice Loch Gamhna, Co an Chabháin, ag thart ar 9.30 aréir.

She is thought to have drowned while trying to help a baby in the water.

Tuigtear gur báthadh í agus í ag iarraidh teacht i gcabhair ar leanbh a bhí san uisce.

Emergency services were called and found the woman’s body in the lake shortly afterwards.

Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála agus fuair siad corp na mná sa loch go gairid ina dhiaidh sin.

Her body is due for a post-mortem examination at Our Lady’s Hospital in Navan today.

Tá scrúdú iarbháis le déanamh ar a corp in Ospidéal Mhuire san Uaimh inniu.

A man in his seventies drowned in Lough Allen, Co Leitrim, at around 9pm last night.

Báthadh fear sna seachtóidí i Loch Aillionn, Co Liatroma, ag thart ar 9 a chlog aréir.

The man was snorkeling in Spencer Harbor near Drumkeeran at the time.

Bhí an fear ag snorcláil i gCaladh Spencer in aice le Droim Caorthainn ag an am.

Emergency services recovered the man’s body shortly afterwards.

Fuair na seirbhísí éigeandála corp an fhir go luath ina dhiaidh sin.

It is understood the man was on holiday in the area.

Tuigtear go raibh an fear ar saoire sa cheantar.

His body will undergo a post-mortem examination at Sligo University Hospital today.

Déanfar scrúdú iarbháis ar a chorp in Ospidéal na hOllscoile, Sligeach, inniu.

Another man died as a result of his drowning in Co. Fermanagh.

Bhásaigh fear eile de bharr a bháite i gCo Fhear Manach.

The 55-year-old was swimming in Lough Melvich at about 10am yesterday morning.

Bhí an fear 55 bliain ag snámh i Loch Meilbhe ag thart ar 10 a chlog ar maidin inné.

He was taken out of the water by the emergency services but was lost shortly afterwards.

Thug na seirbhís éigeandála as an uisce é ach cailleadh é go gairid ina dhiaidh sin.

Leave a Reply