20210430_IRISH_fiosruchan_dunmharaithe_faoi_bhas_fir_i_mbaile_atha_cliath



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yzwdavqa

Murder inquiry into death of man in Dublin.

Fiosrúchán dúnmharaithe faoi bhás fir i mBaile Átha Cliath.

A murder investigation is underway into the death of a man whose body was found in Dublin city center this morning.

Tá fiosrúchán dunmharaithe ar bun faoi bhás fir a bhfuarthas a chorp i lár chathair Bhaile Átha Cliath ar maidin.

The body of the man, aged over 70, was found in an apartment in Robinson’s Court in the Cork Street area of the south of the city.

Thángthas ar chorp an fhir a bhí os cionn 70 bliain in árasán i gCúirt Mhic Róibín i gceantar Shráid Chorcaí i ndeisceart na cathrach.

Gardaí say they believe the man in the apartment was assaulted.

Deir na Gardaí go gcreideann siad gur ionsaíodh an fear san árasán.

The man appears to have been struck several times in the head and body by a tool.

Is cosúil gur buaileadh an fear roinnt uaireanta sa cheann agus sa cholainn le ball uirlise.

It is understood that the man had lived in the area for some years and was not a native of this country.

Tuigtear go raibh an fear ina chónaí san áit le tamall de bhlianta agus nárbh as an tír seo ó dhúchas é.

The investigation is being carried out by Gardaí at Kevin Street Station.

Is iad Gardaí i Stáisiún Shráid Chaoimhín atá i mbun an fhiosrúcháin.

Leave a Reply