20210501_IRISH_rialtas_ridhochasach_go_n-osclofar_an_tir_aris_mar_ata_beartaithe



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yhfyyog2

Government is hopeful that the country will reopen as planned.

Rialtas rídhóchasach go n-osclófar an tír arís mar atá beartaithe.

Taoiseach Micheál Martin has indicated that the Government is optimistic that plans announced yesterday to phase out Covid-19 restrictions will not be phased out over the next few weeks.

Thug an Taoiseach Micheál Martin le fios go bhfuil an Rialtas rídhóchasach nach gcuirfear as do na pleananna a fógraíodh inné maidir le srianta covid 19 a mhaolú de réir a chéile as seo go ceann roinnt seachtainí.

However, the Taoiseach said, the Government will have no hesitation in amending those plans if any concerns arise about the coronavirus.

Mar sin féin, a dúirt an Taoiseach, ní bheidh aon drogall ar an Rialtas na pleananna sin a leasú má thagann aon údar imní chun cinn ó thaobh an choróinvíris de.

Speaking on RTÉ, Micheál Martin stated that the plans depend on the personal behavior of the individual and the behavior of the community as a whole.

Ag labhairt dó ar RTÉ, mhaígh Micheál Martin go bhfuil na pleananna ag brath ar iompar pearsanta an duine aonair agus iompar an phobail trí chéile.

The Government announced yesterday that people will be allowed to go anywhere in the country again from 10 May.

D’fhógair an Rialtas inné go mbeidh cead ag daoine dul aon áit sa tír arís ón 10 Bealtaine.

On the same day, a week from next Monday, many business and cultural centers will reopen, and a wide range of services will be available again for the first time since the beginning of the year.

An lá céanna, seachtain ón Luan seo chugainn, osclóidh go leor ionad gnó agus cultúrtha arís, agus beidh raon leathan seirbhísí ar fáil arís den chéad uair ó thús na bliana.

One week later, from May 17, all stores will be allowed to reopen.

Seachtain ina dhiaidh sin, ón 17 Bealtaine, beidh cead ag gach siopa oscailt arís.

Hotels and other accommodation centers will reopen from June 2, and restaurants and pubs will reopen to outside customers from June 7.

Osclóidh óstáin agus ionaid eile lóistín ón 2 Meitheamh, agus osclóidh bialanna agus tithe tábhairne do chustaiméirí taobh amuigh arís ón 7 Meitheamh.

Micheál Martin said that by the end of June it is estimated that people will have received around 4.5 million vaccines, but acknowledged that AstraZeneca and Johnson’s vaccines are complicated.

Dúirt Micheál Martin go meastar go mbeidh thart ar 4.5 milliún vacsaín faighte ag daoine faoi dheireadh mhí an Mheithimh, ach d’admhaigh sé go bhfuil castachtaí ag baint le vacsaíní AstraZeneca agus Johnson & Johnson a chur ar fáil de réir na comhairle is deireanaí ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí.

On the contrary, he said, the national vaccination program has been successful so far and has put a lot of pressure on the health service as a result.

Os a choinne sin, a dúirt sé, tá ag éirí leis an gclár náisiúnta vacsaínithe go dtí seo agus tá go leor brú bainte den tseirbhís sláinte dá bharr.

Leave a Reply