20210430_IRISH_buiochas_gafa_ag_an_taoiseach_le_muintir_na_heireann



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ygjtlu8h

The Taoiseach thanks the people of Ireland.

Buíochas gafa ag an Taoiseach le muintir na hÉireann.

Announcing the relaxation of Covid-19 restrictions, Taoiseach Micheál Martin said the Government’s strategy and the national vaccination program are working.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin, agus maolú srianta covid 19 á fhógairt aige, go bhfuil ag éirí le straitéis an Rialtais agus leis an gclár náisiúnta vacsaínithe.

He indicated that the Government is committed to keeping businesses and services open soon.

Thug sé le fios go bhfuil an Rialtas meáite ar ghnóthais agus ar sheirbhísí a osclófar go luath a choinneáil ar oscailt.

The Government’s decision to reopen the country, the Taoiseach said, will enable 200,000 people to return to work.

De bharr chinneadh an Rialtais an tír a oscailt arís, a dúirt an Taoiseach, beidh 200,000 duine in ann dul ar ais ag obair.

He thanked the people of Ireland for their plight and the adoption of public health guidelines.

Ghabh sé buíochas le muintir na hÉireann as an duainéis a chuir siad orthu féin agus as glacadh le treoirlínte sláinte poiblí.

However, he urged people to adhere to the Government’s strategy so that the country can be reopened gradually and prudently.

Mar sin féin, d’iarr sé ar dhaoine cloí le straitéis an Rialtais le gur féidir an tír a oscailt arís de réir a chéile agus go stuama.

Micheál Martin also said that every effort will be made to ensure that people are given vaccines as soon as possible.

Dúirt Micheál Martin chomh maith go ndéanfar gach iarracht a chinntiú go dtabharfar vacsaíní do dhaoine chomh luath agus is féidir.

Leave a Reply