20210329_IRISH_aonad_nua_frith-eillithe_bunaithe_ag_an_ngarda_siochana



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ygn7abqn

New anti-corruption unit established by An Garda Síochána.

Aonad nua frith-éillithe bunaithe ag an nGarda Síochána.

Garda Commissioner Drew Harris has announced the establishment of a new anti- corruption unit to tackle Garda misconduct.

D’fhógair Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris go bhfuil aonad nua frith- éillithe bunaithe ag an bhfórsa le dul i ngleic le mí-iompar Gardaí.

The unit was established following an assessment of corruption among the Gardaí.

Bunaíodh an t-aonad tar éis measúnú a dhéanamh ar éillitheacht i measc na nGardaí.

A new report from the Garda Síochána Inspectorate states that there is a risk that Gardaí may abuse their power to obtain sexual accommodation and that in future it must be ensured that Gardaí adhere to professional practices.

Deirtear i dtuarascáil nua ó Chigireacht an Gharda Síochána go bhfuil an baol ann go bhféadfadh Gardaí mí-úsáid a bhaint as an gcumhacht atá acu le garaíocht ghnéis a fháil agus go gcaithfear a chinntiú feasta go gcloífidh Gardaí le nósanna proifisiúnta.

At present, the report says, there are shortcomings in drug testing and Garda business activities.

Faoi láthair, a deirtear sa tuarascáil, tá easnaimh ann maidir le tástálacha drugaí agus gníomhaíochtaí gnó Gardaí.

Commissioner Harris said recommendations on these deficiencies are due to be published shortly.

Dúirt an Coimisinéir Harris go bhfui moltaí i dtaobh na n-easnamh seo le foilsiú go luath.

The Inspectorate’s report also expresses concern that too many court cases are being thrown out because Gardaí do not appear in court when they are called to give evidence.

Léirítear imní i dtuarascáil na Cigireachta freisin go bhfuil i bhfad an iomarca cásanna cúirte á gcaitheamh amach mar gheall nach mbíonn Gardaí i láthair sa chúirt nuair atá siad in ainm fianaise a thabhairt.

Serious offenses are often thrown out, the Inspectorate says.

Cionta tromchúiseacha a chaitear amach go minic, a deir an Chigireacht.

Leave a Reply