20210328_IRISH_teipithe_ag_teaghlach_in_achomharc_faoi_choraintin_eigeantach



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yzas2uyr

A family has failed in an appeal under compulsory quarantine.

Teipithe ag teaghlach in achomharc faoi choraintín éigeantach.

A family of five has failed in an official appeal they have brought over the mandatory quarantine that they have to do since they entered the country from Australia.

Tá teipithe ag teaghlach de chúigear in achomharc oifigiúil a thóg siad maidir leis an gcoraintín éigeantach go gcaithfidh siad a dhéanamh ó tháinig siad isteach sa tír ón Astráil.

The family claim that the facilities provided for them are unsuitable.

Maíonn an teaghlach nach bhfuil na háiseanna atá curtha ar fáil dóibh oiriúnach beag ná mór.

Michelle O ‘Dowd, who returned from Australia with her husband and three children to work as a nurse in the Health Service here, says she is very concerned about the welfare of her children if they have to stay in the hotel room provided for them. for 12 days.

Deir Michelle O’ Dowd a d’fhill ón Astráil lena fear céile agus triúr páistí chun dul ag obair mar bhanaltra sa tSeirbhís Sláinte anseo go bhfuil imní mhór uirthi mar gheall ar leas a páistí má bhíonn orthu fanacht sa seomra óstáin atá curtha ar fáil dóibh ar feadh 12 lá.

Michelle says the family has been provided with 3 beds for five and there is not enough space in the rooms to eat meals, move or exercise.

Deir Michelle gur 3 leaba atá curtha ar fáil don teaghlach do chúigear agus nach bhfuil dóthain spáis sna seomraí chun béilí a ithe, chun bogadh nó chun aclaíocht a dhéanamh.

She said the PCR test that was to take place when they got off the plane and would allow them to go outside for fresh air if the test was negative, was not carried out until almost 24 hours after checking in. Hotel.

Dúirt sí nár déanadh an tástáil PCR a bhí le tarlú nuair a tháinig siad ón eitleán agus a thabharfadh deis dóibh dul taobh amuigh chun aer úr a fháil dá mbeadh an tástáil diúltach, go dtí nach mór 24 uair an chloig i ndiaidh dóibh seiceáil isteach san Óstán.

Michell O’Dowd said she was amazed at how few facilities have been given to them.

Dúirt Michell O’Dowd go raibh alltacht uirthi maidir le chomh beag is atá na háiseanna atá tugtha dóibh.

Last night the family made an official appeal against their quarantine but today the Department of Justice informed them that they had failed in that appeal.

Aréir rinne an teaghlach achomharc oifigiúil i gcoinne a gcoraintín ach inniu chuir an Roinn Dlí agus Cirt ar an eolas iad go raibh teipithe orthu san achomharc sin.

Michelle O ‘Dowd says she does not understand why apartments or an apartment hotel have not been provided for families and says that they will not be able to stay in the hotel where they are for 12 days.

Deir Michelle O’ Dowd nach dtuigeann sí cén fáth nach bhfuil arasáin nó óstlann árasánach curtha ar fáil do theaghlaigh agus deir sí nach mbeidh siad in ann fanacht san óstán ina bhfuil siad ar feadh 12 lá.

Leave a Reply