20210328_IRISH_cuardach_ar_bun_do_thriur_a_d’ealaigh_o_choraintin_eigeantach



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ykynszxq

A search is underway for three people who escaped a forced quarantine.

Cuardach ar bun do thriúr a d’éalaigh ó choraintín éigeantach.

A search is underway for three people who have fled the forced quarantine at the Crown Plaza Hotel in Santry, Dublin this afternoon.

Tá cuardach ar bun do thriúr atá tar éis teitheadh ón gcoraintín éigeantach a bhí á dhéanamh acu in óstán an Crown Plaza i Seantrabh i mBaile Átha Cliath tráthnóna inniu.

It is understood that one person has been found but it is understood that a search is still underway for two others.

Tuigtear go bhfuiltear tar éis teacht ar dhuine amháin ach tuigtear go bhfuil cuardach fós ar bun do bheirt eile.

The Gardaí say they are working with the Defense Forces.

Deir na Gardaí go bhfuil siad ag obair leis na Forsaí Cosanta.

Passengers arriving in the country from 33 other countries around the world must complete 14 days of mandatory quarantine from the moment they arrive at the airport.

Caithfidh paisinéirí a thagann isteach sa tír ó 33 tír eile ar fud an domhain 14 lá do choraintín éigeantach a dhéanamh ón uair go sroicheann siad an t-aerfort.

The new quarantine rules came into effect at 4am on Friday and anyone who does not comply with the rules can be fined € 2,000 or people can be jailed for up to one month if they break the rules.

Tháinig na rialacha nua coraintín i bhfeidhm ag 4am Dé hAoine agus is féidir pionós €2,000 euro a ghearradh ar aon duine nach gcloíann leis na rialacha nó is féidir daoine a chur chun príosún ar feadh suas le mí amháin má sharaíonn siad na rialacha.

Leave a Reply