20240331_IRISH_gaza_agus_an_ucrain_ar_bharr_a_ghoib_ag_an_bpapa_san_urbi_et_orbi



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2bnr4n2e

Contact: irishlingos@gmail.com

Gaza and Ukraine on the tip of his beak by the Pope in the Urbi et Orbi.

Gaza agus an Úcráin ar bharr a ghoib ag an bPápa san Urbi et Orbi.

Pope Francis did not gloss over the Gaza and Ukraine crisis in his annual Urbi et Orbi Easter message today.

Níor scaoil an Pápa Proinsias géarchéim Gaza ná na hÚcráine thairis ina theachtaireacht bhliantúil Cásca Urbi et Orbi inniu.

In an address given by the Pope to thousands of people gathered in Peter’s Square in Rome and broadcast around the world, he asked for a ceasefire in Gaza and for Hamas to release all its hostages.

In aitheasc a thug an Pápa do na mílte duine a bhí bailithe i gCearnóg Pheadair sa Róimh agus a craoladh ar fud an domhain d’iarr sé sos cogaidh i Gaza agus go scaoilfeadh Hamas saor na gialla ar fad atá aige.

He also asked that Russia and Ukraine release any prisoners of war they have because of the war that has been going on there for over 2 years now.

D’iarr sé freisin go scaoilfeadh an Rúis agus an Úcráin saor aon phríosúnach cogaidh atá acu a bhuíochas don chogadh atá ar bun ansin le breis is 2 bhliain anois.

Before that the Pope celebrated Mass on Easter Sunday.

Roimhe sin cheiliúraigh an Pápa Aifreann Dhomhnach Cásca.

The Pope came to the event in a wheelchair.

Is i gcathaoir rotha a tháinig an Pápa chuig an ócáid.

He is now 87 years old.

87 bliain d’aois atá sé anois.

Concerns have been expressed for some time about his health.

Tá imní léirithe le tamall faoina shláinte.

and how much longer he will be the main guide of the up to 1.3 billion Catholics in the world.

agus cé chomh fada eile a bheidh sé ina phríomhthreoraí ag an suas le 1.3 billiún Caitliceach ar fud an domhain.

Be that as it is reported that the Pope gave his 10 minute message in the Italian language without too much difficulty today.

Bíodh sin mar atá tuairiscítear gur thug an Pápa a theachtaireacht 10 nóiméad uaidh i dteanga na hIodáilise gan aon ró- dheacracht inniu.

It was shown that he was not sad either during the two hour ceremony or indeed afterwards when meeting people and blessing them.

Léiríodh nach raibh mairg air ach oiread i gcaitheamh an tsearmanais dhá uair a chloig ná go deimhin ina dhiaidh sin ag casadh le daoine agus á mbeannú.

It is said that he will also participate this evening in the Way of the Cross, an event that he was not present at on Good Friday thanks to health issues.

Deirtear go mbeidh sé páirteach freisin tráthnóna i dTuras Bhealach na Croise,ócáid nach raibh sé i láthair aici ar Aoine an Chéasta a bhuíochas do chúrsaí sláinte.

Pope Francis giving the Easter blessing

An Pápa Proinsias ag tabhairt beannacht na Cásca

Leave a Reply