20240403_IRISH_asti_le_cheile_i_loch_garman



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2b8gqr2e

Contact: irishlingos@gmail.com

ASTI meeting in Wexford.

ASTI le chéile i Loch Garman.

Artificial intelligence, online gravitas and teacher shortages; these are all being discussed and more at the Association of Middle Teachers Ireland (ASTI) trade union meeting which started in Wexford this morning.

Intleacht shaorga,tromaíocht ar líne agus ganntan múinteoirí;tá siad sin uilig á bplé agus tuilleadh ag cruinniú cheardchumann Chumann na Meánmhúinteoirí Éire (ASTI) ar cuireadh tús leis i Loch Garman ar maidin inniu.

Education Minister Norma Foley was present at the organization’s big annual event.

Bhí an tAire Oideachais Norma Foley i láthair ag ócáid mhór bhliantúil na heagraíochta.

She launched a new road safety scheme aimed at intermediate year students.

Sheol sise scéim nua sábháilteachta bóithre a bheidh dírithe ar dhaltaí idirbhliana.

This is a pilot scheme and will come into effect next school year.

Scéim phíolótach í seo agus tiocfaidh sí i bhfeidhm an scoilbhliain seo chugainn.

Minister Foley also addressed the scene promising to look into the teacher shortage crisis.

Thug an tAire Foley aitheasc freisin ar an láthair ag gealladh go mbreathnófaí ar an ghéarchéim maidir le ganntan múinteoirí.

It is said that more than 80 resolutions will be discussed at this conference which will last for another 2 days.

Deirtear go bpléifear breis is 80 rún ag an gcomhdháil seo a mhairfidh 2 lá eile.

As with the TUI union, the ASTI is not blind to the shortage of teachers and the large migration abroad in search of better remuneration.

Ach an oiread le ceardchumann an TUI níl an ASTI dall ach oiread ar an ghanntan múinteoirí agus an imirce mhór thar lear ag lorg luach saothair níos fearr.

Artificial intelligence and the impact it could have on the High Certificate in the case of proposals and other work related to specific subjects during the school year is also a big issue.

Is mór i gceist freisin intleacht shaorga agus an tionchar a d’fhéadfadh sé imirt ar an Ardteistiméaracht i gcás thograí agus obair eile bainteach le cúrsaí ábhair ar leith i rith na scoilbhliana.

Another resolution being discussed relates to online bullying and harassment and the need to introduce stricter legislation in this regard.

Rún eile atá á phlé baineann sé le bulaíocht agus cur isteach ar líne agus an gá atá anois ann le reachtaíocht níos déine a thabhairt isteach ina thaobh.

In a survey by the ASTI almost 20% of those questioned indicated that they had suffered from comments online.

I suirbhé de chuid an ASTI léirigh beagnach 20 faoin gcéad díobh siúd a ceistíodh gur fhulaing siad ó ráitis ar líne.

Of course, matters of pay, standards and working conditions in general were also dragged down.

Ar ndóigh, tarraingíodh anuas freisin cúrsaí pá, caighdeáin agus coinníolacha oibre go ginearálta.

Artificial intelligence is a subject of the ASTI in Wexford

Intleacht shaorga ina hábhar don ASTI i Loch Garman

Leave a Reply