20231130_IRISH_gunnai_taser,_dha_chanoin_uisce_le_cur_ar_fail_do_na_gardai



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yvbbosyn

Contact: irishlingos@gmail.com

Taser guns, two water cannons to be provided to the Gardai.

Gunnaí taser, dhá chanóin uisce le cur ar fáil do na Gardaí.

The Commissioner of the Garda Síochána Drew Harris has confirmed that taser guns are to be made available to all members of the Public Order Unit of the Gardaí in view of the riots that were in the center of Dublin a week ago.

Tá sé dearbhaithe ag Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris go bhfuil gunnaí taser le cur ar fáil do gach comhalta d’Aonad Oird Phoiblí na nGardaí i bhfianaise na gcíréibeacha a bhí i lár Bhaile Átha Cliath seachtain ó shin.

Two water canons are also to be purchased.

Táthar le dhá chanóin uisce a cheannach freisin.

In that regard, according to Commissioner Harris, Gardai will start using body cameras from the middle of next year and will be provided with more safety equipment, including stronger protective spray.

Ina cheann sin, de réir an Choimisinéara Harris, tosóidh Gardaí ag baint leas as ceamaraí colainne ó lár na bliana seo chugainn agus cuirfear tuilleadh fearas sábháilteachta ar fáil dóibh, sprae cosanta níos láidre ina measc.

Speaking at a hearing of the Oireachtas Law and Justice Committee, Commissioner Harris indicated that the Gardaí had already been making changes to their operations since the riots.

Ag labhairt dó ag éisteacht de Choiste Dlí agus Cirt an Oireachtais, thug an Coimisinéir Harris le fios go raibh athruithe á ndéanamh cheana féin ag na Gardaí ar a gcuid oibríochtaí ó bhí na círéibeacha ann.

He also said that more Gardaí would be trained in matters of public order and promised that Gardaí would be seen and visible in the capital during Christmas.

Dúirt sé freisin go mbeadh tuilleadh Gardaí á n- oiliúint i gcúrsaí oird phoiblí agus gheall sé go mbeadh Gardaí le feiceáil agus le sofheiceáil sa phríomhchathair i gcaitheamh na Nollag.

That is on the back of the Police Authority’s review of the resources currently available to the Gardai, as announced by the Minister for Justice Helen McEntee yesterday.

É sin ar mhuin an athbreithnithe atá an tÚdarás Póilíneachta a dhéanamh ar na hachmainní atá ag na Gardaí faoi láthair, mar a d’fhógair an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee inné.

According to Drew Harris, those who were rioting in Dublin last week are a minority and he claimed that those people misused the suffering of others for their own narrow and ugly cause.

Dar le Drew Harris gur mionlach atá sa dream a bhí ag réabadh i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite agus mhaígh sé gur bhain na daoine sin mí- úsáid as fulaingt dhaoine eile ar son a gcúise cúngaigeanta agus gránna féin.

While defending the way the Garda Síochána worked during the riots, Commissioner Harris said that as bad as the disorder in Dublin was that night, it did not last as long as the disorder in other capitals (in Europe). before this.

Agus é ag cosaint mhodh oibre an Gharda Síochána le linn na gcíréibeacha, dúirt an Coimisinéir Harris dá dhonacht an mí-ord i mBaile Átha Cliath an oíche sin nár mhair sé chomh fada leis an mí-ord a bhí i bpríomhchathracha eile (san Eoraip) roimhe seo.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply