20231115_IRISH_12,000_aitreabh_fos_gan_chumhacht_tar_eis_na_stoirme



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yvvth2qp

Contact: irishlingos@gmail.com

12,000 properties still without power after the storm.

12,000 áitreabh fós gan chumhacht tar éis na stoirme.

About 12,000 homes and businesses are still without power due to damage to electricity networks during the latest storm.

Tá thart ar 12,000 teach agus gnóthas fós gan chumhacht mar gheall ar an damáiste a rinneadh do líonraí leictreachais le linn na stoirme is deireanaí.

According to the Electricity Supply Board, Roscommon, Longford and North Westmeath are the areas where the power is always cut the most.

Dar le Bord Soláthair an Leictreachais gurb iad Ros Comáin, an Longfort agus an Iarmhí Thuaidh, gurb iadsan na ceantair is mó a bhfuil an chumhacht gearrtha iontu i gcónaí.

The company says that teams of technicians, in collaboration with their colleagues from the North, have been doing their best since early morning to restore the power in those places.

Deir an comhlacht go bhfuil meithleacha teicneoirí, i gcomhar lena gcomhghleacaithe ón Tuaisceart, ag déanamh a seacht ndícheall ó mhoch maidine an chumhacht a thabhairt ar ais sna háiteanna sin.

It is estimated that approximately 100,000 properties were left without power at the worst of the storm called ‘Debi’.

Áirítear go raibh tuairim is 100,000 áitreabh fágtha gan chumhacht an tráth ba mheasa a bhí cúrsaí le linn na stoirme ar gaireadh ‘Debi’ di.

The chairman of the National Emergency Coordination Group, Keith Leonard, said that the worst floods were in Galway city.

Dúirt cathaoirleach an Ghrúpa Comhordaithe Éigeandála Náisiúnta, Keith Leonard, gur i gcathair na Gaillimhe a bhí na tuilte ba mheasa.

He also indicated that ‘Debi’ appeared to be the strongest of the four storms since the beginning of autumn and said that more storms were still promised.

Thug sé le fios freisin gur cosúil go raibh ‘Debi’ ar an stoirm ba láidre de na ceithre cinn a bhí ann ó thús an fhómhair agus dúirt go raibh tuilleadh stoirmeacha fós geallta.

The Mayor of Galway Eddie Hoare said that the floods were worst in the historic area of the city, where they often occur when there is a storm.

Dúirt Méara na Gaillimhe Eddie Hoare gur mheasa na tuilte i gceantar stairiúil na cathrach, áit a mbíonn siad go minic nuair a bhíonn stoirm ann.

To top it all off, he said, people in that area can’t get insurance.

Mar bharr ar an donas, arsa sé, ní féidir le daoine sa cheantar sin árachas a fháil.

Support schemes established by the Government last month are to be made available to people in Galway city and Oranmore, where the storm also caused a lot of damage.

Tá scéimeanna tacaíochta a bhunaigh an Rialtas an mhí seo caite le cur ar fáil do dhaoine i gcathair na Gaillimhe agus in Óran Mór, áit a ndearna an stoirm go leor damáiste chomh maith.

According to the first scheme, €5,000 can be claimed on the first occasion followed by an inspection payment of €20,000.

De réir na chéad scéime, is féidir €5,000 a éileamh ar an gcéad ásc agus íocaíocht iniúchta €20,000 ina dhiaidh sin.

According to the second scheme, which relates to the most urgent cases, a payment of €10,000 can be claimed immediately followed by an audit payment of €100,000.

De réir an dara scéim, a bhaineann leis na cásanna is práinní, is féidir íocaíocht €10,000 a éileamh láithreach agus íocaíocht iniúchta €100,000 ina dhiaidh sin.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply