20230920_IRISH_an_borradh_faoin_ngeilleagar_nios_isle_na_mar_a_tuaradh



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/27xfufj4

Contact: irishlingos@gmail.com

The boom in the economy “lower than predicted”.

An borradh faoin ngeilleagar “níos ísle ná mar a tuaradh”.

The boom in the economy will not be as high this year as predicted three months ago, according to the latest periodical from the Central Bank of Ireland.

Ní bheidh an borradh faoin ngeilleagar chomh hard i mbliana agus a tuaradh trí mhí ó shin, de réir a bhfuil sa tréimhseachán is deireanaí ó Bhanc Ceannais na hÉireann.

The Central Bank estimated last June that economic growth would be 3.7% in 2023 but it is now estimated that it will eventually be 2.9%.

Mheas an Banc Ceannais i mí an Mheithimh seo caite gur 3.7 faoin gcéad a bheadh san fhás eacnamaíoch in 2023 ach meastar anois gur 2.9 faoin gcéad a bheas ann ar deireadh.

The main reason for this is that multinational companies are not exporting as many goods and services as predicted, says the Central Bank.

An chúis is mó atá leis sin nach bhfuil comhlachtaí ilnáisiúnta ag easpórtáil an oiread earraí agus seirbhísí agus a tuaradh, a deir an Banc Ceannais.

The exports of these companies grew by 13.9% last year but there is a big gap between that and the 0.2% growth that is expected to occur this year.

Tháinig fás 13.9 faoin gcéad ar easpórtálacha na gcomhlachtaí sin anuraidh ach is mór idir é sin agus an fás 0.2 faoin gcéad a cheaptar a bheas ann i mbliana.

80% of the income from the export sector as a whole is earned from sending medicines and machinery abroad.

Is ó chógais leighis agus innealra a chur thar tír amach a shaothraítear 80 faoin gcéad den ioncam a thagann ón earnáil easpórtála trí chéile.

However, there has recently been a significant reduction in the amount of vaccines and semiconductors being exported.

Tá laghdú suntasach tagtha le gairid, áfach, ar an méid vacsaíní agus leathsheoltóirí atáthar a easpórtáil.

This is due to the fact that the demand for vaccines has been significantly reduced since the end of the Covid-19 pandemic, apparently, and due to the fact that the semiconductor market has been narrowed in light of the bleakness of the trade relationship between the United States China at the moment.

Sin mar gheall ar an éileamh ar vacsaíní a bheith laghdaithe go mór ó tháinig deireadh leis an bpaindéim covid 19, de réir dealraimh, agus mar gheall ar an margadh leathsheoltóirí a bheith cúngaithe i bhfianaise chomh guagach agus atá an caidreamh trádála idir na Stáit Aontaithe an tSín faoi láthair.

The Central Bank also estimates that the rate of inflation will be 5.4% this year, rather than 5.3% as predicted in June.

Measann an Banc Ceannais chomh maith gur 5.4 faoin gcéad a bheas i ráta an bhoilscithe i mbliana, seachas 5.3 faoin gcéad mar a tuaradh i mí an Mheithimh.

The Bank advises the Government not to restrict spending in the Budget next month for fear that the rate of inflation would rise further.

Molann an Banc don Rialtas gan srian a ligean le caiteachas sa Bhuiséad an mhí seo chugainn ar fhaitíos go n-ardódh ráta an bhoilscithe tuilleadh.

Instead, it is recommended to give specific financial support to the families most in need.

Ina áit sin, moltar tacaíocht shonrach airgeadais a thabhairt do na teaghlaigh is mó atá ina ghátar.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply