20230822_IRISH_fainic_curtha_roimh_re_ar_lucht_eagraithe_tri-atlain



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/23xha3fa

Contact: irishlingos@gmail.com

“Tri-atlan organizers beware”.

“Fainic curtha roimh ré ar lucht eagraithe trí-atlain”.

Triathlon Ireland has confirmed that the organization’s officials had told the organizers of the half-Ironman triathlon in Co Cork last weekend that they were not prepared to give their blessing to the event.

Tá sé dearbhaithe ag Trí-Atlan Éireann go raibh sé ráite roimh ré ag oifigigh na heagraíochta le lucht reáchtála an trí-atlain leath-Ironman i gCo Chorcaí an deireadh seachtaine seo caite nach raibh siad sásta a mbeannacht a thabhairt don imeacht.

Two men died while taking part in the swimming round of the triathlon at Castle Cria beach in Youghall yesterday.

Fuair beirt fhear bás agus iad ag glacadh páirt sa bhabhta snámha den trí-atlan ag trá an Chaisleáin Chria in Eochaill arú inné.

They were Ivan Chittenden, aged 64, from Toronto in Canada and Brendan Wall, aged 45, who was originally from Ballyslane in Co Meath but had lived near Birmingham in England for many years.

B’in iad Ivan Chittenden, 64 bliain d’aois, as Toronto i gCeanada agus Brendan Wall, 45 bliain, arbh as Baile Shláine i gCo na Mí ó dhúchas é ach a raibh cónaí air in aice le Birmingham i Sasana le blianta fada.

Tri-Atlan Éireann has revealed that the organization’s technical officials refused to give their blessing to the swimming round before it started after they assessed the safety of the water.

Tá sé tugtha le fios ag Trí-Atlan Éireann gur dhiúltaigh oifigigh theicniúla na heagraíochta a mbeannacht a thabhairt don bhabhta snámha sular cuireadh tús leis tar éis dóibh measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht an uisce.

The bad weather in the area at the time, especially the fermentation in the sea, was the reason for the decision of the officials, it was said.

An aimsir mhór a bhí sa cheantar ag an am, go háirithe an coipeadh san fharraige, ba chúis le cinneadh na n-oifigeach, a dúradh.

Trí-Atlan Éireann is a national organization responsible for governing triathlon competitions in this country and the competition in Cork was organized by the Ironman Éireann organisation.

Is eagraíocht náisiúnta é Trí-Atlan Éireann atá freagrach as comórtais trí-atlain sa tír seo a rialú agus ba é an eagraíocht Ironman Éireann a d’eagraigh an comórtas i gCorcaigh.

In a statement issued yesterday, Ironman Ireland said the organization was deeply saddened by the death of the two.

I ráiteas a eisíodh arú inné, dúirt Ironman Éireann go raibh an-bhrón ar an eagraíocht faoi bhás na beirte.

The statement also claimed that the organizers had shortened the triathlon swimming course in Youghal due to the bad weather.

Maíodh sa ráiteas freisin go raibh cúrsa snámha an trí-atlain in Eochaill ciorraithe ag an lucht reáchtála mar gheall ar an drochaimsir.

Finance Minister Michael McGrath, who is from Cork, said that the death of the two men was a terrible tragedy and asked for comprehensive answers to the questions being asked about the running of the triathlon.

Dúirt an tAire Airgeadais Michael McGrath, arb as Corcaigh é, gur tragóid uafásach a bhí i mbás na beirte fear agus d’iarr sé freagraí cuimsitheacha a thabhairt ar na ceisteanna atá á gcur faoi reáchtáil an trí-atlain.

Michael McGrath suggested that Cork County Council – which sponsored the competition – and Irish Water Safety would be involved in the investigation to be set up into what happened.

Thug Michael McGrath le tuiscint go mbeadh Comhairle Contae Chorcaí – a d’urraigh an comórtas – agus Sábháilteacht Uisce na hÉireann bainteach leis an bhfiosrúchán atá le cur ar bun faoinar tharla.

Gardai have already said they are not conducting a criminal investigation.

Tá sé ráite ag na Gardaí cheana féin nach bhfuil fiosrúchán coiriúil ar bun acu.

They confirmed, however, that they were to send a file to the coroner after looking at the results of the post-mortem examinations and taking statements from people who saw what happened.

Dheimhnigh siad, mar sin féin, go raibh siad le comhad a chur chuig an gcróinéir tar éis dóibh breathnú ar thorthaí na scrúduithe iarbháis agus ráitis a thógáil ó dhaoine a chonaic ar tharla.

The blight of the beach was watching the competition when the two men who died were in danger.

Bhí dúchan na trá d’oireachtas ag faire ar an gcomórtas nuair a chuaigh an bheirt fhear a bhásaigh i gcontúirt.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply