20230819_IRISH_an_bhanaltra_lucy_letby_ciontaithe_i_seachtar_leanai_a_dhunmharu



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/25p4aj9z

Contact: irishlingos@gmail.com

Nurse Lucy Letby convicted of murdering seven children.

An bhanaltra Lucy Letby ciontaithe i seachtar leanaí a dhúnmharú.

In a court in Manchester, nurse Lucy Letby was found guilty of murdering seven infants and attempting to murder six other infants in a hospital in the city of Chester in north-west England.

I gcúirt i Manchain, fuarthas ciontach an bhanaltra Lucy Letby i seachtar naíonán a dhúnmharú agus in iarracht a dhéanamh seisear naíonán eile a dhúnmharú in ospidéal i gcathair Chester in iarthuaisceart Shasana.

The prosecution claimed in the trial that Lucy Letby was a cold-hearted person who abused the illness of the children in her care to hide her actions.

Mhaígh an t-ionchúiseamh sa triail gur dhuine fuarchúiseach í Lucy Letby a bhain mí-úsáid as breoiteacht na mbunóc a bhí faoina cúram lena gníomhartha a cheilt.

The trial was told that there was a significant rise in 2015 and again in 2016 in the number of sick babies who were getting even sicker, unexpectedly, in the ward for new born children.

Dúradh sa triail go raibh ardú suntasach in 2015 agus arís in 2016 ar an líon naíonán tinn a bhí ag éirí níos tinne fós, gan choinne, sa bharda le haghaidh leanaí nuabheirthe.

It emerged that Lucy Letby was the only member of the medical staff on duty in the ward whenever a baby became very ill.

Tháinig sé chun solais gurbh í Lucy Letby an t-aon duine den fhoireann leighis a bhí ar dualgas sa bharda gach aon uair a d’éirigh naíonán an-tinn ar fad.

There was no natural reason for the children to go to hell, the prosecution claimed.

Ní raibh aon chúis nádúrtha leis na leanaí a dhul in ainseal, a mhaígh an t-ionchúiseamh.

It was claimed that the nurse had many ways to harm and kill the children.

Maíodh gur iomaí slí a bhí ag an mbanaltra leis na leanaí a dhonú agus a mharú.

She injected air into their bloodstream and stomach, poisoned them with insulin, gave them far too much milk and attacked them in other ways as well, it was said.

D’instealladh sí aer ina sruth fola agus ina mboilg, nimhíodh sí iad le hinslin, thugadh sí i bhfad an iomarca bainne dóibh agus d’ionsaíodh sí iad ar shlite eile chomh maith, a dúradh.

The trial of 33-year-old Lucy Letby began in October last year and she pleaded not guilty to all the offenses she was charged with.

Cuireadh tús le triail Lucy Letby, atá 33 bliain d’aois, i mí Dheireadh Fómhair anuraidh agus phléadáil sí neamhchiontach sna cionta ar fad a bhí curtha ina leith.

The notes found in her home did not help her case, however.

Níor chuidigh na nótaí a fuarthas ina teach lena cás, áfach.

In one of the notes she had written on a leaflet, she revealed that she killed the babies on purpose because, in her opinion, she was not a good enough person to take care of them.

I gceann de na nótaí a bhí scríofa ar bhileoigín aici, thug sí le fios gur mharaigh sí na naíonáin d’aon ghnó mar, dar léi, nár dhuine sách maith í chun aire a thabhairt dóibh.

She wrote that she was a bad person and did not deserve this worldly life.

Scríobh sí gur dhuine olc a bhí inti agus nach raibh an bheatha shaolta seo tuillte aici.

Lucy Letby will be sentenced next Monday.

Gearrfar pianbhreith ar Lucy Letby Dé Luain seo chugainn.

The British Government has ordered an independent inquiry into the case.

Tá fiosrúchán neamhspleách faoin gcás ordaithe ag Rialtas na Breataine.

RTÉ News and Current Affairs Lucy Letby

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Lucy Letby

Leave a Reply