20230629_IRISH_baol_slainte_o_20%_de_dhabhachanna_searachais_tithe



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/28stvtsh

Contact: irishlingos@gmail.com

Health risk from 20% of house sewage tanks.

Baol sláinte ó 20 faoin gcéad de dhabhachanna séarachais tithe.

Half of the septic tanks inspected by local authorities last year failed according to the Environmental Protection Agency (EPA).

Theip ar leath na ndabhachanna séarachais a ndearna údaráis áitiúla cigirceachta orthu anuraidh de réir an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (an EPA).

Over 1,100 locations examined in 2022.

Breis is 1,100 láthair a scrúdaíodh i 2022.

560 of them failed.

Theip ar 560 acu.

There was a risk to human health and the environment in 230 of them – 21% of the total.

Bhí baol do shláinte an duine agus don timpeallacht i 230 acu – 21 faoin gcéad den iomlán.

Structural defects and lack of maintenance were the two main reasons for the number of inspection failures.

Fabhtanna struchtúir agus easpa cothabhála an dá phríomhchúis a bhí leis an líon a theip an chigireacht.

Families with a faulty system can receive €5,000 in grants, depending on specific conditions.

Tá €5,000 de dheontas le fáil ag teaghlaigh le caoi ar chóras lochtach, ag brath ar choinníollacha ar leith.

The EPA says in the new report that local authorities must carry out more inspections in order to protect human health and the well-being of the environment.

Deir an EPA sa tuarascáil nua go gcaithfidh údaráis áitiúla tabhairt faoi bhreis chigireachta ar mhaithe le sláinte an duine agus folláine na timpeallachta a chosaint.

They are particularly concerned as they say that the number of faulty tanks that have not been repaired in the last 2 years has increased by 5 since 2016.

Údar ar leith imní dóibh a deir siad go bhfuil an líon dabhachanna lochtacha nár cuireadh caoi orthu le 2 bhliain anuas tar éis méadú faoi 5 ó 2016.

By the end of last year, 550 families had been informed of a faulty bath for 2 years or more and no action had been taken.

Faoi dheireadh na bliana seo caite bhí 550 teaghlach curtha ar an eolas faoi dhabhach fabhtach le 2 bhliain nó tuilleadh agus gan caoi curtha fós air.

The Agency also says that there are specific authorities in the country that are not acting as they should about notifications about failure of tanks.

Deir an Ghníomhaireacht freisin go bhfuil údaráis ar leith sa tír nach bhfuil i mbun gnímh mar ba cheart faoi fhógraí faoi theipeadh dabhachanna.

Roscommon, Waterford, Leitrim and Tipperary have the lowest rates of treatment failures within 2 years of the notice being issued to a household.

I Ros Comáin, Port Láirge, Liatroim agus i dTiobraid Árann atá na rátaí is ísle de theipeanna a raibh caoi curtha orthu i n-imeacht 2 bhliain ón bhfógra a bheith eisithe chuig teaghlach.

Legal proceedings have been initiated in the case of 47 families in the last 10 years – 11 of those last year.

Tá imeachtaí dlí tionscnaithe i gcás 47 teaghlach le 10 mbliana anuas – 11 acu sin anuraidh.

90% of those cases since 2013 involved families in Wexford, Kerry and Mayo.

Bhain 90 faoin gcéad de na cásanna sin ó 2013 le teaghlaigh i Loch Garman, i gCiarraí agus i Maigh Eo.

Almost 500,000 families in the country are in the hands of a septic tank.

Beagnach 500,000 teaghlach sa tír atá i dtuilleamaí dabhach séarachais.

Leave a Reply