20230628_IRISH_failte_curtha_roimh_reachtaiocht_nua



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2xnq7tqr

Contact: irishlingos@gmail.com

Welcome to new legislation.

Fáilte curtha roimh reachtaíocht nua.

Cyclists have welcomed new legislation which will impose new restrictions on electric bikes and scooters and struggle bikes from next year.

Tá fáilte curtha ag lucht rothar roimh reachtaíocht nua a chuirfidh srianta nua i bhfeidhm ar rothair agus ar scútair leictreacha agus ar rothair streachailte ón mbliain seo chugainn.

The Department of Transport says that the new Act is urgently needed in terms of safety on the country’s roads.

Deir an Roinn Iompair go bhfuil géarghá leis an Acht nua ó thaobh sábháilteachta de ar bhóithre na tíre.

Safety on the country’s roads was the biggest stone on the Department of Transport’s agenda when the Road Traffic and Roads Act was implemented today.

Sábháilteacht ar bhóithre na tíre a bhí ar an gcloch is mó ar phaidrín na Roinne Iompair agus an tAcht um Thrácht ar Bhóithre agus um Bóithre á chur i bhfeidhm inniu.

Special reference has been made to electric bicycles in the Act, which will be subject to separate rules at the beginning of next year.

Tá tagairt ar leith déanta do rothair leictreacha san Acht, a mbainfidh rialacha ar leith leo ag tús na bliana seo chugainn.

If an electric bike can travel faster than 25km per hour, it will have to be registered as a moped, and the driver will need a licence.

Sa chás gur féidir le rothar leictreach taisteal níos tapúla ná 25km san uair, beidh sé le clárú mar mhóipéid, agus beidh ceadúnas ag teastáil ón té a thiomáinfeadh é.

In addition, there will be tax and insurance to be sold.

Ina theannta sin, beidh cáin agus árachas le díol air.

Struggle bikes are also included in this new legislation, with stricter regulations relating to them.

Tá rothair streachailte san áireamh sa reachtaíocht nua seo leis, agus rialacháin níos déine ag baint leo siúd.

According to the legislation it will be possible for the Gardai to take possession of street bikes that are being driven illegally and arrest the owners.

De réir na reachtaíochta go mbeidh sé ar chumas na nGardaí seilbh a ghlacadh ar rothair streachtailte a bhíonn á dtiomáint go mídhleathach agus na húinéirí a ghabháil.

In the case of electric scooters, they are included in a new category of vehicle in the new Act, Personal Carriers with an engine.

I gcás na scútar leictreach, áirítear i gcatagóir nua feithicle iad san Acht nua, Iompróirí Pearsanta le hinneall.

Currently, electric scooters are not legal on Irish roads.

Faoi láthair, níl scútair leictreacha dleathach ar bhóithre na hÉireann.

But, according to the new Act, if a scooter meets the regulations that will be applied, that is, a speed limit of 25km per hour, a weight of 25kg and a power output of 500 WATT or less, they are expected to be legal. in accordance with the legislation by the end of the year.

Ach, de réir an Achta nua, má bhíonn scútar ag teacht leis na rialacháin a chuirfear i bhfeidhm, is é sin, teorainn luais 25km san uair, meáchan 25kg agus aschur cumhachta 500 WATT nó níos lú, táthar ag súil go mbeidh siad dleathach de réir na reachtaíochta faoi dheireadh na bliana.

Cyclists have welcomed the new legislation.

Tá fáilte curtha ag rothaithe roimh an reachtaíocht nua.

The Cyclist.ie site chairman, Neasa Belbigh, says that clarity was badly needed in relation to the rules for electric bikes and scooters.

Deir Cathaoirleach an tsuímh Cyclist.ie, Neasa Bheilbigh, go raibh soiléireacht ag teastáil go géar maidir leis na rialacha a ghabhann le rothair agus le scútair leictreacha.

Of particular importance are the restrictions that will be added to quad bikes and struggle bikes, she says.

Tá tábhacht ar leith ag baint leis na srianta a chuirfear ar chuadrothair agus ar rothair streachailte leis, a deir sí.

People walking and cycling in the countryside needn’t worry now that they have some protection from bikes with big engines.

Ní gá go mbeadh imní ar dhaoine a bhíonn ag siúl agus ag rothaíocht faoin tuath anois agus cosaint áirithe acu ó rothair le hinnill mhóra.

The rules relating to electric mopeds are due to come into force once arrangements for driving tests, as well as taxation and registration are confirmed at the start of 2024.

Tá na rialacha a bhaineann le móipéidí leictreacha le teacht i bhfeidhm a luaithe is a bheidh socruithe deimhnithe maidir le tástálacha tiomána, chomh maith le cúrsaí cánach agus clárúcháin ag tús na bliana 2024.

Leave a Reply