20230508_IRISH_ceithre_shoitheach_eile_de_chuid_na_ruise_feicthe_amach_on_chosta



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2e9vv6ad

Contact: irishlingos@gmail.com

Four other Russian vessels have been sighted off the coast.

Ceithre shoitheach eile de chuid na Rúise feicthe amach ón chósta.

The Defense Forces of Ireland have confirmed that four more Russian vessels, including a warship, have been seen off the coast of Ireland.

Tá sé dearbhaithe ag Óglaigh na hÉireann go bhfacthas ceithre shoitheach eile de chuid na Rúise, long chogaidh ina measc, amach ó chósta na hÉireann.

This is the latest situation since commercial and military vessels began to enter Irish waters.

Seo an cor is déanaí ó thosaigh soithigh tráchtála agus míleata ag teacht isteach in uiscí na hÉireann.

The ship Admiral Grigorovich, a Russian frigate, is among those that entered Ireland’s exclusive economic zone earlier this week.

Tá an long Admiral Grigorovich, frigéad Rúiseach, ina measc siúd a tháinig isteach i limistéar eisiach eacnamaíoch na hÉireann níos luaithe an tseachtain seo.

Images taken by the Irish Navy show an oil tanker named Kama putting more fuel into the warship.

Léiríonn íomhánna a ghlac Cabhlach na hÉireann taincéar ola darbh ainm Kama, ag cur tuilleadh breosla sa long chogaidh.

The Defense Forces said that “the Air Corps and the Navy monitored the vessels with air and sea patrols and that the vessels have since left the exclusive zone.”

Dúirt Óglaigh na hÉireann go ndearna “an tAer Chór agus an Cabhlach maoirseoireacht ar na soithigh le patróil aeir agus muirí agus gur imigh na soithigh as an limistéar eisiach ó shin.”

It is understood that the vessels were off the southern coast.

Tuigtear gur amach ó chósta an deiscirt a bhí na soithigh.

In April the Air Corps sighted three Russian ships off the West and South West coasts.

I mí Aibreáin chonaic an tAer Chór trí long Rúiseach amach ó chóstaí an Iarthair agus an Iardheiscirt.

They were in Irish seas off the Galway and Kerry coasts.

Bhí siad i bhfarraigí na hÉireann amach ó chóstaí na Gaillimhe agus Chiarraí.

It is understood that the British Royal Navy was keeping an eye on the vessels seen this week.

Tuigtear go raibh Cabhlach Ríoga na Breataine ag coimeád súil ar na soithigh a chonacthas an tseachtain seo.

A spokesman for the Department of Defense in London refused to say anything other than that “our national security will always be a priority” and to that end they have spent £65 million on two maritime patrol vessels since the incident with the Nord Stream submarine gas cable in September last year.

Dhiúltaigh urlabhraí na Roinne Cosanta i Londain aon rud a rá seachas “go mbeidh tosaíocht i gcónaí ag ár slándáil náisiúnta” agus gur chuige sin atá £65 milliún caite acu ar dhá long faire muirí ó tharla an eachtra leis an gcábla gáis fomhuirí Nord Stream i Meán Fómhair anuraidh.

Leave a Reply