20230506_IRISH_tearma_priosuin_15_bliain_gearrtha_ar_bhall_do_bhuion_coirpeach



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2ktmmfeo

Contact: irishlingos@gmail.com

A member of a criminal gang has been sentenced to a 15-year prison term.

Téarma Príosúin 15 bliain gearrtha ar bhall do bhuíon coirpeach.

A senior member of a criminal gang from Limerick has been sentenced to 15 years in prison by a court in the United Kingdom.

Tá téarma príosúin 15 bliain gearrtha ar bhall sinsearach do bhuíon coirpeach ó Luimneach ag cúirt sa Ríocht Aontaithe.

Ger Dundon was sentenced to 15 years for his role in a conspiracy to kidnap two men 3 years ago and demand €340,000 from them.

Gearradh 15 bliain ar Ger Dundon as ról a bheith aige i gcomhcheilg chun beirt fhear a fhuadach 3 bliana ó shin agus €340,000 a éileamh uathu.

Ger Dundon changed his name to Darren McClean after traveling to the UK after being released from prison in Ireland.

D’athraigh Ger Dundon a ainm go Darren McClean i ndiaidh do taisteal go dtí an Ríocht Aontaithe nuair a scaoileadh amach as an bpríosún in Éirinn é.

He threatened to kill both men.

Bhagair sé go maródh sé an bheirt fhear.

38-year-old Dundon denied the charges but was convicted in a UK court today.

Shéan Dundon atá 38 bliain d’aois na cúiseanna a bhí curtha ina leith ach ciontaíodh é i gcúirt sa Ríocht Aontaithe inniu.

Ger Dundon is a senior member of the McCarthy Dundon criminal gang who had a dispute with the Keane-Collopy criminal gang over control of the drug market in Limerick.

Is ball sinsearach é Ger Dundon do bhuíon coirpeach McCarthy Dundon a raibh aighneas idir iad agus buíon coirpeach Keane-Collopy maidir le smacht a bheith acu ar an margadh drugaí i Luimneach.

A senior member of a criminal gang from Limerick has been sentenced to 15 years in prison by a court in the United Kingdom for his role in a conspiracy to kidnap two men

Téarma príosúin 15 bliain gearrtha ar bhall sinsearach do bhuíon coirpeach ó Luimneach ag cúirt sa Ríocht Aontaithe as ról a bheith aige i gcomhcheilg chun beirt fhear a fhuadach

Leave a Reply