20230509_IRISH_imni_i_gconamara_faoin_easpa_loistin_do_thurasoiri



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2n9528w3

Contact: irishlingos@gmail.com

Concern in Connemara about the lack of accommodation for tourists.

Imní i gConamara faoin easpa lóistín do thurasóirí.

Businesses in Connemara that rely on tourists have expressed concern that visitors will not come to the area because there is nowhere for them to stay.

Tá imní léirithe ag gnóanna i gConamara atá ag brath ar thurasóirí nach mbeidh cuairteoirí ag teacht go dtí an ceantar mar nach bhfuil áit ann dóibh le fanacht.

The Seaweed Center in Lettermelláin relies on day-trippers and visitors who used to be able to stay in the local hotels.

Bíonn Ionad na Feamainne i Leitir Mealláin ag brath ar thurasóirí lae agus ar chuairteoirí a bhíodh in ann fanacht sna hóstáin áitúla.

Since there are at least 4 hotels in Connemara currently holding refugees from Ukraine, the people of the Center are concerned that Elín Percín says that the tourists will not come this season.

Os rud é go bhfuil ar a laghad 4 óstán i gConamara ag coinneáil teifigh ón Úcráin faoi láthair tá imní ar lucht an Ionaid a deir Eilín Peircín nach dtiocfaidh na turasóirí an séasúr seo romhainn.

The impact of the war in Ukraine on tourism in this country has been shown to Government Ministers for several days in a memo which indicates that there is a risk that the economy will lose 1.1 billion euros nationally, cancellation of beds in the hospitality sector.

Tá an tionchar atá ag an gcogadh san Úcráin ar thurasóireacht sa tír seo léirithe d’Airí Rialtais le roinnt laethanta i meamram a thugann le fios go bhfuil baol ann go gcaillfidh an geilleagar go náisiúnta 1.1 billiún euro, ceal leapacha san earnáil fáilteachais.

Micheál Ó Cadhain, owner of Tigh Cadhain in Killiaráin, says that emphasis must be placed on other means of accommodation rather than relying on hotels.

Deir Micheál Ó Cadhain, úinéir Tigh Chadhain i gCill Chiaráin go gcaithfear béim a chur ar bhealaí eile lóistín seachas a bheith ag brath ar óstáin.

He says that accommodation and planning for camper vans and cyclists must be considered.

Caithfear breathnú a deir seisean ar chóiriú agus pleanáil a dhéanamh do lucht veaineanna campála agus lucht rothaíochta.

The Confederation of the Tourism Industry says today that the future of the businesses serving the sector will be at risk if supports are not provided before the summer season.

Deir Cónaidhm Thionscal na Turasóireachta inniu go mbeidh todhchaí na ngnóanna atá ag freastal ar an earnáil i mbaol muna gcurtar tacaíochtaí ar fáil roimh sheasúr an tsamhraidh.

Sinéad Ní Neachtain will have more about that story on Nuacht TG4 at 1900.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Sinéad Ní Neachtain ar Nuacht TG4 ag 1900.

The sandy sands of Dóilín Beach on Chatrú Rua in Connemara which are popular with tourists.

An gaineamh griúánach ar Thrá an Dóilín ar an gCeathrú Rua i gConamara ar a mbíonn tóir ag turasóirí.

Leave a Reply