20230428_IRISH_cogadh_sa_tsudain:_50,000_leanbh_ar_a_laghad_fior-mhichothaithe



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/255cxov5

Contact: irishlingos@gmail.com

War in Sudan: “At least 50,000 children severely malnourished”.

Cogadh sa tSúdáin: “50,000 leanbh ar a laghad fíor-mhíchothaithe”.

The World Health Organization says only 16% of health facilities are functioning in Sudan’s capital, Khartoum, due to the destruction caused by the war between two military gangs in the country.

Deir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte nach bhfuil ach 16 faoin gcéad de shaoráidí sláinte ag feidhmiú i bpríomhchathair na Súdáine, Cartúm, mar gheall ar an scrios atá déanta ag an gcogaíocht idir dhá dhrong mhíleata sa tír.

On top of that, diseases are spreading, food and water are scarce and it is only possible that more people will die under those circumstances, it is said.

Ar a mhuin sin, tá galair á scaipeadh, tá bia agus uisce gann agus ní féidir ach go bhfaighidh tuilleadh daoine bás faoi réir na gcúinsí sin, a deirtear.

In fact, it is reported that around 50,000 children who are severely malnourished have been treated medically so far and there is no thought that this will be the end.

Go deimhin, tuairiscítear go bhfuil cóireáil leighis curtha go dtí seo ar thart ar 50,000 leanbh atá fíor-mhíchothaithe agus gan aon cheapadh gurb in é a dheireadh.

A three-day ceasefire that was put in place at the beginning of the week will end this afternoon, and although there is talk of extending it, it is not clear whether the two sides agree on that.

Tiocfaidh deireadh tráthnóna le sos comhraic trí lá a cuireadh i bhfeidhm i dtús na seachtaine, agus cé go bhfuil caint ar shíneadh a chur leis níl sé soiléir an bhfuil an dá thaobh ar aon intinn faoi sin.

In any case, the ceasefire was breached in places and there were clashes yesterday in the suburbs of Khartoum, in the neighboring city of Omdurman and in the Darfur region close to the border with Chad in western Sudan.

Ar aon chuma, sáraíodh an sos comhraic in áiteanna agus bhí caismirtí inné i mbruachbhailte Chartúm, i gcathair chomharsanachta Omdurman agus i réigiún Darfur gar don teorainn le Sead in iarthar na Súdáine.

Many people are fleeing the war and the United Nations estimates that 270,000 refugees could seek refuge in Chad and South Sudan.

Tá an draoi daoine ag teitheadh ón gcogaíocht agus measann na Náisiúin Aontaithe go bhféadfadh 270,000 dídeanaí tearmann a lorg i Sead agus sa tSúdáin Theas.

According to the latest figures, 88 Irish citizens and their families have so far been evacuated from Sudan with the assistance of various countries in the European Union.

De réir na bhfigiúrí is deireanaí, tá 88 saoránach Éireannach agus a dteaghlaigh aslonnaithe go dtí seo ón tSúdáin le cúnamh ó thíortha éagsúla san Aontas Eorpach.

Since the conflict began on April 15, it is estimated that over 500 people have been killed, that almost 4,200 have been killed and that millions have been left in need.

Ó thosaigh an choimhlint ar an 15 Aibreán, áirítear gur maraíodh os cionn 500 duine, gur donaíodh beagnach 4,200 agus go bhfuil na milliúin fágtha ar an ngannchuid.

It is said that matters have now gathered from head to head for the fifteen million people in Sudan who were already dependent on humanitarian aid.

Deirtear go bhfuil cúrsaí bailithe ó mhaoil go mullach anois do na cúig mhilliún déag duine sa tSúdáin a bhí ag brath ar chabhair dhaonnúil cheana féin.

Disagreement between the leader of Sudan, General Abdel Fattah al-Burhan, and the deputy leader, Mohamed Hamdan Dagalo, is the cause of the fighting.

Easaontas idir cheannaire na Súdáine, an Ginearál Abdel Fattah al-Burhan, agus an leascheannaire, Mohamed Hamdan Dagalo, is cionsiocair leis an gcomhrac.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply