20230427_IRISH_comhra_fada_teileafoin_ag_xi_jinping_agus_volodymyr_zelenskiy



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/298a3y6d

Contact: irishlingos@gmail.com

A “long” telephone conversation between Xi Jinping and Volodymyr Zelenskiy.

Comhrá “fada” teileafóin ag Xi Jinping agus Volodymyr Zelenskiy.

Chinese President Xi Jinping and Ukrainian President Volodymyr Zelenskiy had a telephone conversation today, the first time the two men have spoken since Russia invaded Ukraine a year and a half ago.

Bhí comhrá teileafóin inniu ag Uachtarán na Síne Xi Jinping agus Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskiy, an chéad uair a labhair an bheirt fhear le chéile ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin bliain agus blogh de bhliain ó shin.

Volodymyr Zelenskiy is said to have wanted to have a conversation with Xi Jinping for quite some time.

Deirtear go raibh Volodymyr Zelenskiy ag iarraidh comhrá a bheith aige le Xi Jinping le tamall maith.

Afterwards, the Ukrainian man said that it was a long and beneficial conversation and that it would accelerate the development of relations between the two countries.

Ina dhiaidh, dúirt fear na hÚcráine gur comhrá fada agus tairbheach a bhí ann agus go gcuirfeadh sé dlús leis an gcaidreamh idir an dá thír a chothú.

He also announced that he had appointed a new ambassador to China.

D’fhógair sé freisin go raibh ambasadóir nua sa tSín ceaptha aige.

President Xi is reported to have told Volodymyr Zelenskiy that he would soon send special representatives to Ukraine with the aim of “initiating talks between all those who seek peace”.

Tuairiscítear go ndúirt an tUachtarán Xi le Volodymyr Zelenskiy go gcuirfeadh sé ionadaithe speisialta chun na hÚcráine gan mhoill agus é i gcuspóir acu “cainteanna a thionscnamh idir gach aon dream atá ag lorg síochána”.

Xi Jinping has never condemned Russia’s invasion of Ukraine, however, and visited Moscow last month, where he held talks with Russian President Vladimir Putin.

Níor cháin Xi Jinping ionradh na Rúise ar an Úcráin riamh, áfach, agus thug sé cuairt ar Mhoscó an mhí seo caite, mar a raibh cainteanna aige le hUachtarán na Rúise Vladimir Putin.

The previous month, he proposed a peace plan that was somewhat welcomed by the Ukrainian Government but rejected by Western countries.

An mhí roimhe sin, mhol sé plean síochána ar chuir Rialtas na hÚcráine fáilte áirithe roimhe ach ar dhiúltaigh tíortha an Iarthair dó.

RTÉ News and Current Affairs President of China, Xi Jinping

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Uachtarán na Síne, Xi Jinping

Leave a Reply