20230425_IRISH_iarrachtai_ar_bun_aris_inniu_abhainn_in_uachtar_ard_a_ghlanadh



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/23klma9t

Contact: irishlingos@gmail.com

Efforts are underway again today to clean a river in Uchter Ard.

Iarrachtaí ar bun arís inniu abhainn in Uachtar Ard a ghlanadh.

Work is underway in Uchter Ard in Co Galway again today to clean up oil that leaked into a river in the area yesterday.

Tá obair ar bun in Uachtar Ard i gCo na Gaillimhe arís inniu chun ola a sceith isteach in abhainn sa gceantar inné a ghlanadh.

There is concern that the pollution could harm fish and mussels which attract many fishermen to the area every year.

Tá imní go bhfeadfadh an truailliú dochar a dhéanamh d’iasc agus do dhiúilicíní a mheallann go leor iascairí go dtí’n ceantar gach bliain.

Yesterday morning the locals, who were out fishing, saw that there was oil in the Ruybe River.

Maidin inné a chonaic muintir na háite, a bhí amuigh ag iascach, go raibh ola in Abhainn Ruibhe.

The authorities have been informed.

Cuireadh na húdáráis ar an eolas.

The fire and Irish Inland Fisheries services attended the scene and have installed a protective barrier on the river in an attempt to stop the oil from spreading.

D’fhreastail na seirbhísí doiteáin agus Iascach Intíre Éireann ar an láthair agus tá bacainn chosanta feistithe acu ar an abhainn in iarracht an ola a stopadh ag scaipeadh.

Irish Inland Fisheries confirmed that the leak was caused by oil from a tank.

Dheimhnigh Iascach Intíre Éireann gur ola as tanc țí bă chúis leis an sceitheadh.

Today, the scene smelled of oil and cleaners were not happy to see the media there.

Inniu, bhí boladh ola ag an láthair agus ní raibh lucht glanta sásta na meáin a fheiceáil ann.

Firefighters tell Nuacht that they have cleaned up several hundred liters of oil but do not know how much oil was in the tank.

Deir lucht dóiteáin le Nuacht go bhfuil cúpla céad líotar ola glanta suas acu ach nach bhfuil a fhios acu cé mhéid ola a bhí sa tanc.

Seán Ó Cionnaith from Inland Fisheries Ireland says that the goal of Inland Fisheries Ireland is to protect and conserve the trout and also the mussels.

Deir Seán Ó Cionnaith ó Iascach Intíre Éireann gurb é an sprioc atá ag Iascach Intíre Éireann ná na bric a chosaint agus a chaomhnú agus na diúilicíní freisin.

Fishing is important to the Uchter Ard area and every year the Cuil Bealtaine Festival is held here, an event that attracts many fishermen from abroad.

Tá iascaireacht tábhachtach do cheantar Uachtar Ard agus chuile bhliain bíonn Féile Chuil Bhealtaine ar bun anseo, imeacht a mheallann go leor iascairí ó thar lear.

Fisherman Ultan Macken from Uchter Ard says he doesn’t believe Uchter Ard would exist if the fishing on the Corrib wasn’t good.

Deir an t-iascaire Ultan Macken as Uachtar Ard nach gcreideann sé go mbeadh Uachtar Ard ann mura mbeadh an iascaireacht ar an gCoirib go maith.

In a statement this afternoon, the Environmental Protection Agency (EPA) says it is aware of the incident and that Galway County Council, Inland Fisheries Ireland and the National Parks and Wildlife Service are now leading the investigation and clean-up. .

I ráiteas tráthnóna, deir an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) go bhfuil sé ar an eolas faoin eachtra agus gurb iad Comhairle Contae na Gaillimhe, Iascach Intíre Éireann agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra atá i gceannas ar an bhfiosrúchán agus an glanadh suas anois.

Efforts are underway again today to clean a river in Uchter Ard

Iarrachtaí ar bun arís inniu abhainn in Uachtar Ard a ghlanadh

Leave a Reply