20230328_IRISH_bac_ar_fhoghlaim_dhigiteach_de_bharr_bhearnai_oideachais



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2gxnem8f

Contact: irishlingos@gmail.com

Barriers to digital learning due to educational gaps.

Bac ar fhoghlaim dhigiteach de bharr bhearnaí oideachais.

New research from the University of Galway shows that there are huge gaps in the education system that are restricting digital learning for young people.

Léiríonn taighde nua ó Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil bearnaí ollmhóra sa gcóras oideachais atá ag cur srian ar an bhfoghlaim dhigiteach do dhaoine óga.

According to the research, a shortage of Science, Technology, Engineering and Mathematics teachers – the so-called STEM subjects – is a barrier to progress in digital education.

De réir an taighde tá ganntanas múinteoirí Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice – na hábhair STEM mar a thugtar orthu – ina bhac ar ghabháil chun cinn san oideachas digiteach.

Although Coding is available as part of the Junior Series and Computer Science is available at Advanced Certificate level, there are still many schools in the country that are unable to provide these subjects to their students because the teachers are not there.

Cé go bhfuil Códú ar fáil mar chuid den tSraith Shóisearach agus Ríomheolaíocht ar fáil ag leibhéal na hArdteiste, fós fhéin tá go leor scoileanna sa tír nach bhfuil inann na hábhair sin a chur ar fáil dá gcuid daltaí mar gheall nach bhfuil na múinteoirí ann.

That’s what ‘Capacity for, Access to, and Participation in Computer Science Education in Ireland’, published today by the School of Education at the University of Galway, has shown.

Sin é atá léirithe ag ‘Capacity for, Access to, and Participation in Computer Science Education in Ireland’ atá foilsithe inniu ag Scoil an Oideachais in Ollscoil na Gaillimhe.

The research shows that only 15.6% of schools in the country are providing the Computer Science course for the Leaving Certificate.

Léiríonn an taighde nach bhfuil ach 15.6 faoin gcéad de scoileanna na tíre ag cur an chúrsa Ríomheolaíochta ar fáil don Ardteistiméireacht.

117 out of 728 post-primary schools that offer Coding for the Junior Series.

117 as 728 iar-bhunscoil a chuireann Códú ar fáil don tSraith Shóisearach.

As for the teachers teaching computer science, only 34 of them are accredited.

Maidir leis na múinteoirí atá ag múineadh ríomheolaíochta, níl creidiúnú ach ag 34 acu.

Boys are mostly taking these courses in the schools where the subjects are available.

Buachaillí is mó atá ag tabhairt faoi na gcúrsaí sin sna scoileanna ina bhfuil na hábhair ar fáil.

Gender breakdown of the participants: 60% Coding in the Junior Series – boys 70% Computer Science in the Advanced Test – boys The research indicates that young people’s understanding of the use of computers is “poor” even though they are easily accessible today. there on phones and technology.

Dealú inscne na rannpháirtithe: 60 faoin gcéad Códú sa tSraith Shóisearach – buachaillí 70 faoin gcéad Ríomheolaíocht san Ardteist – buachaillí Tugtar le fios sa taighde go bhfuil an tuiscint atá ag daoine óga ar úsáid ríomhairí “lag” cé go bhfuil fáil acu go héasca sa lá atá inniu ann ar ghutháin agus ar an teicneolaíocht.

The research recommends that computer education should start at a younger age to combat this lack.

Moltar sa taighde gur cheart tús a chur le oideachas ríomhaireachta ag aois níos óige le dhul i ngleic leis an easpa sin.

Sinéad Ní Neachtain will have more about that story on Nuacht TG4 at 1900.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Sinéad Ní Neachtain ar Nuacht TG4 ag 1900.

Computer science in the Ardtest is only available in ⅙ of the country’s schools.

Níl ríomheolaíocht san Ardteist ar fáil ach in ⅙ de scoileanna na tíre.

Leave a Reply