20230327_IRISH_tuairisci_eagsula_faoi_long_mheiriceanach_i_muir_na_sine_theas



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2kfyoy9s

Contact: irishlingos@gmail.com

Various reports about an American ship in the South China Sea.

Tuairiscí éagsúla faoi long Mheiriceánach i Muir na Síne Theas.

China’s navy has said it has ordered an American warship out of a water area in the South China Sea.

Tá sé ráite ag cabhlach na Síne gur ordaigh siad do long chogaidh Mheiriceánach imeacht as limistéar uisce i Muir na Síne Theas.

However, the Americans have denied the Chinese statement.

Tá ráiteas na Síneach séanta ag na Meiriceánaigh, áfach.

It is a story told by a deer and denied by a crow, apparently.

Is scéal é a d’inis fiach agus a shéan feannóg, de réir cosúlachta.

According to the Chinese, the warship entered Chinese territorial waters without permission, and they monitored it before notifying it to leave.

Dar leis na Sínigh go ndeachaigh an long chogaidh isteach in uiscí críche na Síne gan chead, agus go ndearna siad monatóireacht uirthi sular thug siad fógra di imeacht.

On the contrary, the Americans say that there is no truth in the story, that the ship – the USS Milius – is conducting normal operations in the South China Sea and has not been defeated.

Os a choinne sin, deir na Meiriceánaigh nach bhfuil aon fhírinne sa scéal, go bhfuil gnáthoibríochtaí ar bun ag an long – an USS Milius – i Muir na Síne Theas agus nár cuireadh an ruaig uirthi.

They say, in fact, that they will continue to sail and fly in the region as permitted under international law.

Deir siad, go deimhin, go leanfaidh siad orthu ag seoladh agus ag eitilt sa réigiún de réir mar atá ceadaithe faoin dlí idirnáisiúnta.

The Chinese claim that most of the South China Sea belongs to them, although an international court has ruled that there is no basis for their claim.

Maíonn na Sínigh gur leosan an chuid is mó de Mhuir na Síne Theas, cé gur rialaigh cúirt idirnáisiunta nach bhfuil aon bhunús lena maíomh.

There is an international frenzy on the place, not to mention China or America.

Tá sciob sceab idirnáisiúnta ar an áit, gan an tSín ná Meiriceá a bhac.

The Philippines, Vietnam, Malaysia and Brunei claim different parts of it.

Maíonn na hOileáin Fhilipíneacha, Vítneam, an Mhalaeisia agus Brúiné gur leosan codanna éagsúla di.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply