20230113_IRISH_covid-19:_is_gearr_go_mbeidh_kraken_ar_an_gcineal_is_coitianta



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2pc3qnq3

Contact: irishlingos@gmail.com

Covid-19: “Kraken will soon be the most common type”.

covid 19: “is gearr go mbeidh Kraken ar an gcineál is coitianta”.

A new variant of Covid-19 that has emerged recently and is highly contagious is likely to become the most common strain in Ireland soon, according to Professor of Experimental Immunology Kingston Mills.

Is dóichí go mbeidh athraitheach nua ar covid 19 atá tagtha chun cinn le deireanas agus atá fíorthógálach, go mbeidh sé ar an tréithchineál is coitianta in Éirinn gan mhoill, dar leis an Ollamh le hImdhíoneolaíocht Thurgnamhach Kingston Mills.

The new strain is a sub-variant of the Omicron variant, christened XBB.1.5 – or Kraken in informal parlance.

Is fo-athraitheach ar an athraitheach Oimicrón é an tréithchineál nua, a bhfuil XBB.1.5 – nó Kraken i gcaint neamhfhoirmiúil – baiste air.

Speaking on RTÉ, Professor Mills pointed out, however, that Kraken is very different to Omicron.

Ag labhairt dó ar RTÉ, thug an tOllamh Mills le fios, áfach, go bhfuil Kraken an-éagsúil le hOimicrón.

The truth of the matter, he said, is that people who have taken Omicron before, are not immune – or completely immune – to the new strain.

Is é fírinne an scéil, arsa sé, nach bhfuil daoine a tholg Oimicrón roimhe seo, nach bhfuil siad imdhíonta – nó iomlán imdhíonta – ar an tréithchineál nua.

After that, he said, the bivalent vaccines that exist now are very effective and he advised everyone who has not yet received the vaccine to get it now.

Ina dhiaidh sin, a dúirt sé, tá na vacsaíní défhiúsacha atá ann anois an-éifeachtach agus mhol sé do gach duine nach bhfuair an vacsaín fós é a fháil anois.

Only five cases of the new strain have been recorded in Ireland so far.

Níor taifeadadh in Éirinn go dtí seo ach cúig chás den tréithchineál nua.

According to the latest figures, there are 573 patients with Covid-19 in hospitals across the country and 35 of them are in intensive care.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí, tá 573 othar le covid 19 in ospidéil ar fud na tíre agus tá 35 díobh faoi dhianchúram.

Last week, the Director of the National Reference Service for Viruses Cillian de Gascún said that the behavior of people above all is the cause of the spread of the virus.

An tseachtain seo caite, dúirt Stiúrthóir na Seirbhíse Tagartha Náisiúnta maidir le Víris Cillian de Gascún gurb é iompar daoine thar aon ní eile faoi deara scaipeadh an víris.

Yesterday, Dr Marie Casey from the West Central Division of the Department of Health asked people to return to habits they are used to since the time of the pandemic and stay at home if they are sick, use hand sanitizer and wear masks.

Inné, d’iarr an Dr Marie Casey ó Rannóg Iarthar Láir na Roinne Sláinte ar dhaoine filleadh ar nósanna a bhfuil siad cleachta leo ó aimsir na paindéime agus fanacht sa bhaile má tá siad tinn, leas a bhaint as díghalrán lámh agus maisc a chaitheamh.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply