20230114_IRISH_oifig_pasanna_o_thuaidh_a_eileamh_an_athuair



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2gm9bca6

Contact: irishlingos@gmail.com

North Passport Office re-claiming.

Oifig Pasanna ó thuaidh á éileamh an athuair.

Demands are being made again to open a passport office in Northern Ireland due to the large number of people from the north who want to get an Irish passport.

Tá éilimh á ndéanamh arís oifig pasanna a oscailt i dTuaisceart Éireann mar gheall ar an líon mór daoine ó thuaidh atá ag iarraidh pas de chuid na hÉireann a fháil.

The Passport Office in Dublin is not sending passports by post to the North at the moment due to the industrial action taken by Royal Mail last month which is delaying the post.

Níl Oifig na bPasanna i mBaile Átha Cliath ag seoladh pasanna ar an bposta go dtí an Tuaisceart faoi láthair mar gheall ar an ngníomh tionsclaíoch a ghlac Royal Mail an mhí seo caite atá ag cur moill ar an bposta.

The demand for Irish passport applications from England and the Six Counties has risen significantly in recent years.

Tá an t- éileamh ar iarratais ar phas na hÉireann as Sasana agus as na Sé Chondae ardaithe go suntasach le bliantaí beaga anuas.

Last year over 100,000 applications were made, a record number, more than double the number before Brexit.

Anuraidh déanadh os cionn 100,000 iarratas, an líon is mó riamh, níos mó ná dhá oiread an líon roimh Brexit.

But for a month now the Passport Office in Dublin has not been sending any new passports or any related documents to Northern Ireland or Great Britain.

Ach le mí anois níl Oifig na bPasanna i mBaile Átha Cliath ag seoladh aon phas úr ná aon cháipéis a bhaineann leis go Tuaisceart Éireann ná go dtí an Bhreatain Mhór.

They say this is due to the industrial action taking place in the Royal Mail.

Deir siad gur de bharr an ghníomh tionsclaíoch atá ar bun san Royal Mail é sin.

Royal Mail workers went on strike for 10 days before Christmas.

Chaith lucht oibre an Royal Mail 10 lá ar stailc roimh an Nollaig.

The SDLP and Sinn Féin have long been asking the Government in Dublin to open a passport office in the North.

Is fada an SDLP agus Sinn Féin ag iarraidh ar an Rialtas i mBaile Átha Cliath oifig pasanna a oscailt sa Tuaisceart.

In a statement from the Department of Foreign Affairs, it is said that they are constantly reviewing the situation and in contact with Royal Mail and the Post Office regarding the delay that still exists in the mail from the north.

I ráiteas ón Roinn Gnóthaí Eachtracha, deirtear go bhfuil siad go síor ag déanamh athbhreithniú ar an scéal agus i dteagmháil le Royal Mail agus an Post maidir leis an moill atá go fóill ar an bposta ó thuaidh.

In case of urgency they say that a passport can be collected from the office in Dublin or arrangements can be made to post it to an address in the Republic.

I gcás práinne deir siad gur féidir pas a bhailiú ón oifig i mBaile Átha Cliath nó socraithe a dhéanamh é a chur ar an bposta chuig seoladh sa bPoblacht.

Leave a Reply