20230112_IRISH_fogra_gaoithe:_aimsir_mhor_geallta_amarach



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2nf7s3td

Contact: irishlingos@gmail.com

Wind forecast: great weather promised tomorrow.

Fógra gaoithe: aimsir mhór geallta amárach.

Met Éireann has warned that there may be power cuts and travel disruptions due to the high winds that are expected in parts of the country tomorrow.

Tá foláireamh tugtha ag Met Éireann go mb’fhéidir go ngearrfaí an chumhacht agus go gcuirfí as do chúrsaí taisitil mar gheall ar an ngaoth mhór atá geallta in áiteanna sa tír amárach.

The wind warning issued by the meteorologists has a yellow status and will apply, they say, between 5 o’clock tomorrow morning and 2 o’clock Friday morning.

Stádas buí atá ag an bhfógra gaoithe atá eisithe ag na meitéareolaithe agus beidh feidhm leis, a deir siad, idir 5 a chlog ar maidin amárach agus 2 a chlog ar maidin Dé hAoine.

The wind will come from the west and it will be strongest in the west of the country at the beginning of the day.

Ón aird aniar a thiocfas an ghaoth agus is in iarthar na tíre is láidre a bheas sí i dtús an lae.

It will be a showery day in the west, especially along the coast in the north- west.

Déanfaidh sé lá scuabach san iarthar, go háirithe cois cósta san iarthuaisceart.

Tomorrow evening the wind will be strongest in the east.

Tráthnóna amárach is láidre a bheas an ghaoth san oirthear.

It is said that there was never a rain without a shower and a whole other announcement has been issued for Munster this evening.

Deirtear nach raibh fearthainn riamh gan a fras agus tá fógra eile ar fad eisithe i gcomhair Chúige Mumhan tráthnóna.

It is a yellow warning of rain and wind that will apply between 6 o’clock in the evening and midnight.

Fógra buí báistí agus gaoithe atá ann a mbeidh feidhm leis idir 6 a chlog tráthnóna agus an meán oíche.

There will be heavy rain and a speed of up to 110 kilometers per hour could be under some of the sheets.

Beidh báisteach throm ann agus d’fhéadfadh luas suas le 110 ciliméadar san uair a bheith faoi chuid de na siotaí.

There might be flooding in places as well.

B’fhéidir go mbeadh tuilte in áiteanna chomh maith.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Leave a Reply