20221226_IRISH_fear_sna_fichidi_maraithe_i_dtimpiste_bhothair_i_ngaillimh



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2fvwv7gz

Contact: irishlingos@gmail.com

Man in his twenties killed in road accident in Galway.

Fear sna fichidí maraithe i dtimpiste bhóthair i nGaillimh.

A man in his twenties was killed in a road accident in Tuam in County Galway overnight.

Maraíodh fear sna fichidí i dtimpiste bhóthair i dTuaim i gContae na Gaillimhe thar oíche.

The accident happened shortly before three o’clock in the morning on the R347 near Ballyglunin, in Tuam in the county.

Tharla an tionóisc go gairid roimh a trí a chlog ar maidin ar an R347 cóngarach do Bhéal Átha Gluinín, i dTuaim sa chontae.

The driver of the car, a young man in his twenties, was killed at the scene.

Maraíodh tiománaí an chairr, fear óg sna fichidí ar an láthair.

His body was taken to Galway University Hospital where a post-mortem examination will be carried out.

Tugadh a chorp go hOspidéal na hOllscoile Gaillimh áit go ndéanfar scrúdú iar-bháis air.

The scene of the accident is currently being secured and traffic is being diverted.

Tá láthair na timpiste caomhnaithe faoi láthair agus tá trácht á chur ar mhalairt slí.

Anyone who was on the road at the time and saw anything is being urged to contact gardaí.

Táthar ag impí ar aon duine a bhí ar an mbóthar ag an am agus a chonaic aon ní teagmháil a dhéanamh leis na Gardaí.

Man in his twenties killed in road accident in Galway

Fear sna fichidí maraithe i dtimpiste bhóthair i nGaillimh

Leave a Reply