20221224_IRISH_moltai_nua_le_tabhairt_ar_dhaoine_an_carr_a_fhagail_sa_bhaile



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2r3owdxj

Contact: irishlingos@gmail.com

New proposals to get people to leave the car at home.

Moltaí nua le tabhairt ar dhaoine an carr a fhágáil sa bhaile.

The Government could end free parking at the workplace and introduce a minimum parking fee in all urban areas in the State, according to new proposals to reduce carbon emissions from the transport sector.

D’fhéadfadh an Rialtas deireadh a chur le páirceáil shaor in aisce ag an ionad oibre agus íostáille páirceála a thabhairt isteach i ngach ceantar uirbeach sa Stát, de réir moltaí nua le hastaíochtaí carbóin ón earnáil iompair a laghdú.

People could also be charged for certain journeys and further increase fuel prices.

D’fhéadfaí freisin táillí a ghearradh ar dhaoine faoi thurais áirithe a dhéanamh agus praghsanna breosla a ardú tuilleadh.

Persuading people to leave their cars at home as often as possible is the aim of the proposals to be discussed by the Government tomorrow.

Cur ina luí ar dhaoine a ngluaisteáin a fhágáil sa bhaile chomh minic agus is féidir is aidhm do na moltaí atá le plé ag an Rialtas amárach.

If they were implemented, it is thought that there would be a 25% reduction in car journeys per day; 50% increase on foot and bicycle trips; and a 130% increase in trips on public transport services.

Dá gcuirfí i bhfeidhm iad, ceaptar go mbeadh laghdú 25 faoin gcéad sa ló ar thurais i gcarranna; ardú 50 faoin gcéad ar thurais de shiúl na gcos agus ar rothair; agus ardú 130 faoin gcéad ar thurais ar sheirbhísí iompair phoiblí.

The aim would be to reduce the amount of fuel consumed by 50% and increase the number of electric vehicles on the State’s roads to 30% from now to 2030.

Bheadh sé i gceist an méid breosla a chaitear a laghdú 50 faoin gcéad agus an líon feithiclí leictreacha ar bhóithre an Stáit a ardú go dtí 30 faoin gcéad as seo go 2030.

However, a Government spokesperson has indicated that the proposals for parking at the workplace and charging fees for certain journeys, are currently only “just in case” but not on the road.

Tá sé tugtha le fios ag urlabhraí Rialtais, áfach, nach bhfuil sna moltaí maidir le páirceáil ag an ionad oibre agus táillí a ghearradh faoi thurais áirithe, nach bhfuil iontu faoi láthair ach “cuir i gcás” ach nach bhfuil siad ar na bacáin.

Even so, it is understood that the Government intends to implement some significant policies to get people to leave their cars at home

Ina dhiaidh sin féin, tuigtear go bhfuil rún ag an Rialtas roinnt beartas suntasach a chur i bhfeidhm chun tabhairt ar dhaoine a ngluaisteáin a fhágáil sa bhaile

Leave a Reply