20221129_IRISH_nios_mo_daoine_ag_teacht_slan_o_ailse_ionrach_anois_na_riamh



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2za269j6

Contact: irishlingos@gmail.com

“More people are surviving invasive cancer now than ever”.

“Níos mó daoine ag teacht slán ó ailse ionrach anois ná riamh”.

The Director of the National Cancer Registry said that more people are surviving invasive cancer now than ever before due to the improvement in medical treatment and also because the disease is detected earlier.

Dúirt Stiúrthóir na Clárlainne Náisiúnta Ailse go bhfuil níos mó daoine ag teacht slán ó ailse ionrach anois ná riamh de bharr an fheabhais atá tagtha ar chúrsaí cóireála leighis agus mar gheall, freisin, go n-aimsítear an galar níos luaithe.

Professor Deirdre Murray pointed out that the medical treatment that is now available has greatly increased the longevity of the human wizard.

Thug an tOllamh Deirdre Murray le fios go bhfuil an chóir leighis atá ar fáil anois tar éis cur go mór le fad saoil an draoi daoine.

On the contrary, however, poor people are always left behind, says Professor Murray.

Os a choinne sin, áfach, tá daoine bochta siar chun deiridh i gcónaí, arsa an tOllamh Murray.

According to the latest figures from the National Cancer Registry, the number of people who have survived cancer has risen by 50% in ten years.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí ón gClárlann Náisiúnta Ailse, tá an líon daoine a tháinig slán ó ailse ardaithe 50 faoin gcéad le deich mbliana.

For the first time ever, according to the statistics, there are over 200,000 people who have or have had cancer in their lives, that’s one in every 24 of the entire population of the State.

Den chéad uair riamh, de réir an staidrimh, tá os cionn 200,000 duine a bhfuil nó a raibh ailse orthu fós ina mbeatha, sin duine as gach 24 de dhaonra iomlán an Stáit.

Speaking on RTÉ, Professor Murray said that invasive cancer is the type of cancer that can spread from where it was first found to other parts of the body.

Ag labhairt di ar RTÉ, dúirt an tOllamh Murray gurb é is ailse ionrach ann an cineál ailse a d’fhéadfadh leathadh ón áit ar aimsíodh é i dtosach go dtí codanna eile den chorp.

She also confirmed that lung cancer is more than any other type of cancer and is the leading cause of death for patients.

Dhearbhaigh sí freisin gurb é an ailse scamhóg thar aon chineál ailse eile is mó is cionsiocair le hothair ag fáil bháis.

It is still not entirely clear, said Professor Murray, how the Covid-19 pandemic has affected cancer.

Níl sé iomlán soiléir fós, a dúirt an tOllamh Murray, cé mar a chuaigh an phaindéim covid 19 i gcion ar chúrsaí ailse.

Currently, she said, it appears that during the pandemic, not as many types of cancer were being diagnosed as before.

Faoi láthair, ar sí, dealraíonn sé nach raibh an oiread cineálacha ailse á ndiagnóisiú i gcaitheamh na paindéime agus a bhí roimhe.

It remains to be confirmed, however, whether there are more people in the final stages of the disease than before the pandemic.

Tá sé fós le deimhniú, áfach, an bhfuil níos mó daoine i gcéimeanna deiridh an ghalair ná a bhí roimh an bpaindéim.

The appropriate figures are still being investigated but it shows the importance of early screening.

Tá na figiúirí cuí fós á n- iniúchadh ach léiríonn sé, ar sí, an tábhacht a bhaineann le scagthástáil luath.

Leave a Reply