20220930_IRISH_airi_fuinnimh_an_aontais_eorpaigh_le_bualadh_lena_cheile_inniu



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2zrojr9z

Contact: irishlingos@gmail.com

European Union energy ministers to meet today.

Airí fuinnimh an Aontais Eorpaigh le bualadh lena chéile inniu.

The European Union’s energy ministers are to meet today to discuss the crisis in that sector.

Tá airí fuinnimh an Aontais Eorpaigh le bualadh lena chéile inniu chun plé a dhéanamh ar an ngéarchéim san earnáil sin.

They intend to vote on a windfall tax on the huge profits of future energy companies.

Tá sé i gceist acu vótáil ar cháin amhantair a ghearradh ar bhrábúis mhóra na gcomhlachtaí fuinnimh feasta.

A wind tax and a cap on prices are among the policies proposed in Brussels last week, with the aim of mitigating the large and sudden increase in the price of energy.

Tá cáin amhantair agus teorainn ar phraghsanna i measc na mbeartas a moladh sa mBruiséil an tseachtain seo caite, féachaint leis an ardú mór agus tobann atá tagtha ar phraghas fuinnimh a mhaolú.

There is a risk that Europe is facing an economic recession due to this crisis.

Tá baol ann go bhfuil cúlú eacnamaíochta i ndán don Eoraip de bharr na géarchéime seo.

Among the windfall taxes under discussion, it is proposed that any additional profits earned by fossil fuel companies during 2022 and 2023 would be taxed more than the profits they earned during other years.

I measc na gcánacha amhantair atá faoi chaibidil, moltar go ngearrfaí cáin sa mbreis ar aon bhrábús sa mbreis a bheas tuillte ag comhlachtaí breosla iontaise le linn 2022 agus 2023, i gcomparáid leis na brabúis a thuill siad le linn blianta eile.

It is also recommended that there be a mandatory 5% reduction in energy use during peak pricing periods.

Moltar freisin go mbeadh laghdú éigeantach 5 faoin gcéad ar úsáid fuinnimh le linn buaicthréimhsí praghsála.

Diplomats have expressed confidence that the energy ministers will vote for the wind taxes today.

Tá muinín léirithe ag taidhleoirí go vótálfaidh na hairí fuinnimh ar son na gcánacha amhantair inniu.

But that still leaves the issue of the price cap; a proposal that Germany is completely opposed to.

Ach fágann sin go fóill ceist na caidhpe praghais; moladh a bhfuil an Ghearmáin glan ina choinne.

Leaders from fifteen European Union countries – including France, Italy and Poland – called on Brussels this week to propose a cap on wholesale gas prices to tackle rising inflation. .

D’iarr ceannairí ó chúig thír déag san Aontas Eorpach – An Fhrainc, an Iodáil agus an Pholainn ina measc – ar an mBruiséil an tseachtain seo teorainn ar phraghsanna mórdíola gáis a mholadh chun dul i ngleic leis an ráta boilscithe, atá ag méadú de shíor.

But the governments in Germany and Iceland say that countries in the European Union would have difficulties attracting suppliers, if there was a limit on the price they can pay.

Ach deir na rialtais sa nGearmáin agus san Ísletír go mbeadh deacrachtaí ag tíortha san Aontas Eorpach soláthróirí a mhealladh, dá mbeadh teorainn ar an bpraghas gur féidir leo a íoc.

Leave a Reply