20220630_IRISH_beartais_bhisiula_ag_an_am_ceart_mana_an_rialtais_-_mcgrath



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/23e3un4h

Contact: irishlingos@gmail.com

“Prosperous policies at the right time Government motto” – McGrath.

“Beartais bhisiúla ag an am ceart mana an Rialtais” – McGrath.

Minister for Public Expenditure and Reform Michael McGrath said policies to tackle the continuing rise in the cost of living needed to be introduced in a timely manner to ensure the most productive outcome.

Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Michael McGrath nár mhór beartais chun dul i ngleic leis an ardú leanúnach ar an gcostas maireachtála a thabhairt isteach in uain agus i dtráth lena chinntiú go mbeadh an toradh ba bhisiúla orthu.

Speaking in the Dáil, Michael McGrath also indicated that he was of the view that the rate of inflation may not fall significantly for some time to come.

Ag labhairt dó sa Dáil, thug Michael McGrath le fios chomh maith go raibh sé den tuairim go mb’fhéidir nach dtitfeadh an ráta boilscithe go suntasach go ceann tamaill fhada.

He was responding to a demand from Sinn Féin to introduce an emergency budget and spend € 1.3 billion from now until the end of the year to alleviate the worst of all human hardship.

Ag tabhairt freagra a bhí sé ar éileamh ó Shinn Féin buiséad éigeandála a thabhairt isteach agus €1.3 billiún a chaitheamh as seo go deireadh na bliana leis an gcuid is measa den chruatan atá an duine mar chách a fhulaingt a mhaolú.

That would be a sensible policy, said Sinn Féin leader Mary Lou McDonald.

Beartas ciallmhar a bheadh ann, a dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald.

If the needy were in need, she claimed, Fianna Fáil and Fine Gael would be fighting after them.

Dá mba dhaoine deisiúla a bhí i ngátar, a mhaígh sí, bheadh Fianna Fáil agus Fine Gael ag sodar ina ndiaidh.

However, when it comes to ordinary people, those two parties have nothing to say to them but “it’s bad!” said Mary Lou McDonald.

Nuair is gnáthdhaoine atá i gceist, áfach, níl le rá ag an dá pháirtí sin leo ach “tá go dona!” arsa Mary Lou McDonald.

Minister McGrath said that if Sinn Féin’s proposal to introduce an emergency budget – and other proposals for extra spending – were accepted, there would be little left to help families who are currently struggling with the cost of living.

Dúirt an tAire McGrath dá nglacfaí le moladh Shinn Féin buiseád éigeandála a thabhairt isteach – agus le moltaí eile maidir le caiteachas breise – nach mbeadh cianóg fanta le teacht i gcabhair ar theaghlaigh atá ag streachailt leis an gcostas maireachtála faoi láthair.

The Government, he argued, will have to introduce policies in the year ‘s policy that focus specifically on certain classes rather than others.

Beidh ar an Rialtas, a mhaígh sé, beartais a thabhairt isteach i ndúluachair na bliana a bheas dírithe go sonrach ar aicimí áirithe seachas a chéile.

The Government would not have the capacity to do so if Sinn Féin’s demands were met, says Michael McGrath.

Ní bheadh sé d’acmhainn ag an Rialtas é sin a dhéanamh dá ngéillfí dá raibh á éileamh ag Sinn Féin, arsa Michael McGrath.

Mary Lou McDonald accused the Minister of boasting and bragging about the country’s economic situation and how well he has managed public finances.

Chuir Mary Lou McDonald i leith an Aire go raibh sé ag maíomh agus ag déanamh gaisce faoi staid eacnamaíochta na tíre agus faoi chomh maith agus atá gnóthaí airgeadais phoiblí bainistithe aige, dar leis féin.

Leave a Reply