20220629_IRISH_fear_cuisithe_i_mbean_a_dhunmharu_41_bliain_o_shin



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/247ktycl

Contact: irishlingos@gmail.com

Man charged with murdering woman 41 years ago.

Fear cúisithe i mbean a dhúnmharú 41 bliain ó shin.

A 73-year-old man was brought before Skibbereen District Court in Co Cork today charged with the murder of a woman 41 years ago.

Tugadh fear 73 bliain d’aois os comhair Chúirt Dúiche an Sciobairín i gCo Corcaí inniu agus é cúisithe i mbean a dhúnmharú 41 bliain ó shin.

That’s Noel Long, from the White Mall in Passage West, who has been accused of murdering Nora Sheehan sometime between 6 and 12 June 1981 in an unknown location.

Sin é Noel Long, as an Meall Bán sa Phasáiste, a bhfuil sé curtha ina leith gur dhúnmharaigh sé Nora Sheehan uair éigin idir 6 agus 12 Meitheamh 1981 in áit anaithnid.

Nora Sheehan was 54 years old and had three children.

Bhí Nora Sheehan 54 bliain d’aois agus bhí triúr clainne aici.

She was from Ballyvaughan in Cork city.

B’as Baile Féitheán i gcathair Chorcaí di.

She was missing for a week before her body was found in Poolnalong Wood near Inishannon, Co Cork.

Bhí sí ar iarraidh ar feadh seachtaine sula bhfuarthas a corp i gCoill Pholl na Long in aice le hInis Eonáin, Co Chorcaí.

The court was told Noel Long was arrested this morning and said nothing when charged.

Dúradh sa chúirt gur gabhadh Noel Long ar maidin inniu agus nach ndúirt sé faic nuair a cuireadh an chúis ina leith.

Judge James McNulty granted the Gardaí’s request to remand the accused in custody.

Ghéill an Breitheamh James McNulty d’iarratas na nGardaí an cúisí a chur siar faoi choinneáil.

He ordered Noel Long brought before Clonakilty District Court a week from today and granted him free legal aid.

D’ordaigh sé Noel Long a thabhairt os comhair Chúirt Dúiche Chloich na Coillte seachtain ó inniu agus lamháil sé saorchúnamh dlí dó.

Nora Sheehan

Nora Sheehan

Leave a Reply