20220626_IRISH_aerfort_bhaile_atha_cliath_beo_le_paisineiri,_gach_rud_i_gceart



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2a8r5joy

Contact: irishlingos@gmail.com

Dublin Airport live with passengers, “all right”.

Aerfort Bhaile Átha Cliath beo le paisinéirí, “gach rud i gceart”.

Dublin Airport will be live with passengers this weekend with around 200,000 people to fly from the airport between now and Monday, not to mention those coming to Ireland from abroad.

Beidh Aerfort Bhaile Átha Cliath beo le paisinéirí an deireadh seachtaine seo agus thart ar 200,000 duine le heitilt ón aerfort idir seo agus Dé Luain, gan trácht ar an dream a bheas ag teacht go hÉirinn ón iasacht.

The Dublin Airport Authority estimates that 50,000 passengers will fly from the airport every day for the next four days.

Measann Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath go mbeidh 50,000 paisinéir ag eitilt ón aefort gach lá as seo go ceann ceithre lá.

The Authority said 51,000 people flew from the airport yesterday and everything went smoothly.

Dúirt an tÚdarás gur 51,000 duine a d’eitil ón aerfort inné agus go ndeachaigh gach rud ar aghaidh go binn.

People only spent about 45 minutes in the security queue, it was said, except for a short distance yesterday afternoon in Terminal 1 when it was an hour ‘s stay.

Níor chaith daoine ach thart ar 45 nóiméad sa scuaine slándála, a dúradh, seachas ar feadh achair ghairid tráthnóna inné i gCríochfort 1 nuair b’fhanacht uair an chloig a bhí gceist.

The Authority is advising passengers who are not traveling too far from home to arrive at the airport two and a half hours before their flight.

Tá an tÚdarás ag moladh do phaisinéirí nach bhfuil ag dul rófhada ó bhaile teacht chun an aerfoirt dhá uair an chloig go leith roimh a n-eitilt.

A minimum of three and a half hours is recommended for long journey passengers.

Trí huaire an chloig go leith ar a laghad atáthar a mholadh i gcás paisinéirí a bhfuil turas fada rompu.

A number of Ryanair working airmen in Belgium, Portugal and Spain are on strike today.

Tá stailc ar bun inniu ag roinnt aeróstach atá ag obair do Ryanair sa Bheilg, sa Phortaingéil agus sa Spáinn.

The air hosts say that their pay and working conditions are not in line with the national laws of those countries.

Deir na haeróstaigh nach bhfuil a bpá ná a gcoinníollacha oibre ag teacht le dlíthe náisiúnta na dtíortha sin.

Workers at other airlines in Europe are also planning a strike this weekend at various times from now until the end of the summer.

Tá oibrithe in aerlínte eile san Eoraip ag beartú stailce an deireadh seachtaine seo chomh maith agus arís ag tráthanna éagsúla as seo go deireadh an tsamhraidh.

Leave a Reply