20220627_IRISH_ceart_ar_ghinmhilleadh_sna_stait_aontaithe_curtha_ar_neamhni



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/28my28lw

Contact: irishlingos@gmail.com

Abortion right in US abolished.

Ceart ar ghinmhilleadh sna Stáit Aontaithe curtha ar neamhní.

The U.S. Supreme Court has abolished the right to obtain an abortion in the country.

Tá deireadh curtha ag Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe leis an gceart ar ghinmhilleadh a fháil sa tír.

The court quashed the ruling of the case between Roe and Wade in 1973.

Chuir an chúirt rialú an cháis idir Roe agus Wade i 1973 ar neamhní.

It was that ruling that gave women in the United States constitutional and legal rights to abortion.

Ba é an rialú sin a thug cearta bunreachtúla agus dlíthiúla do mhná sna Stáit Aontaithe ar ghinmhilleadh.

At least 26 states are now expected to ban abortion but several will uphold Roe and Wade’s rule.

Ceaptar go gcuirfidh 26 stát ar a laghad cosc ar ghinmhilleadh anois ach seasfaidh roinnt eile le rialú Roe agus Wade.

Today’s Supreme Court ruling brings a big victory to Republicans and other conservatives in America who have long demanded a ban on abortion.

Tugann rialú na Cúirte Uachtaraí inniu bua mór do Phoblachtaigh agus do chaomhaigh eile i Meiriceá a bhfuil cosc ar ghinmhilleadh á éileamh acu le fada.

Leave a Reply