20220624_IRISH_daonaireamh_2022:_ardu_7.6%_ar_dhaonra_an_stait_o_2016



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2cdtzoyt

Contact: irishlingos@gmail.com

Census 2022: 7.6% increase in the population of the State since 2016.

Daonáireamh 2022: ardú 7.6 faoin gcéad ar dhaonra an Stáit ó 2016.

The population of the State increased by 7.6% over the six years between 2016 and 2022, according to preliminary results from the 2022 Census published by the Central Statistics Office today.

Tháinig ardú 7.6 faoin gcéad ar dhaonra an Stáit i gcaitheamh na sé bliana idir 2016 agus 2022, de réir réamhthorthaí ó Dhaonáireamh 2022 a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh inniu.

The figures show that on April 3, Census night, there were 5,123,536 people in the State, an increase of 361,671 from 2016.

Léiríonn na figiúirí go raibh 5,123,536 duine sa Stát ar an 3 Aibreán, oíche an Daonáirimh, ar ardú 361,671 é ó 2016.

2,593,600 were female and 2,529,936 were male, an increase of 7.7% and 7.5% respectively from 2016.

Baineannaigh ab ea 2,593,600 acu agus fireannaigh ab ea 2,529,936 acu, ardú 7.7 faoin gcéad agus 7.5 faoin gcéad faoi seach ó 2016.

This is the largest population recorded since 1841 and for the first time since 1851 over five million people lived in this country.

Seo an daonra is mó a taifeadadh ón mbliain 1841 agus is é an chéad uair ó 1851 a bhí os cionn cúig mhilliún duine ina gcónaí sa tír seo.

The population in each county rose between 2016 and 2022 with Longford having the largest increase at 14.4%.

D’ardaigh an daonra i ngach aon chontae idir 2016 agus 2022 agus ba sa Longfort an bhí an t-ardú ba mhó, mar a bhí, 14.4 faoin gcéad .

Co. Meath had the second largest increase of 12.9%.

Ba i gCo na Mí a bhí an dara hardú ba mhó, mar a bhí, 12.9 faoin gcéad .

The Census is usually conducted every five years but was postponed last year due to the Covid-19 pandemic.

Is gach cúig bliana a dhéantar an Daonáireamh go hiondúil ach cuireadh ar atráth é anuraidh mar gheall ar an bpaindéim covid 19.

The CSO says that the increase in population is due to immigration and the number of births being higher than the number of deaths.

Deir an Phríomh-Oifig Staidrimh gur inimirce agus líon na mbreitheanna a bheith níos airde ná líon na mbás is siocair leis an ardú ar an daonra.

Over 190,000 foreigners came to live and stayed in this country between 2016 and 2022, and 171,338 more people were born than died in the meantime.

Os cionn 190,000 duine ón iasacht a tháinig chun cónaithe agus a d’fhan sa tír seo idir 2016 agus 2022, agus rugadh 171,338 duine níos mó ná mar a fuair bás idir an dá linn.

Preliminary results also show that the country’s housing stock increased by 6% and the number of vacant dwellings fell by 9%.

Léiríonn na réamhthorthaí freisin go raibh ardú 6 faoin gcéad ar stoc tithíochta na tíre agus go raibh ísliú 9 faoin gcéad ar an líon áras cónaithe a bhí folamh.

However, the CSO states that these preliminary results do not necessarily accurately reflect the number of vacant homes in the country as there are different ways to categorize them.

Deir an Phríomh-Oifig Staidrimh, áfach, nach gá gur léiriú cruinn ar líon na dtithe folmha sa tír na réamhthorthaí seo mar go bhfuil bealaí éagsúla ann lena gcatagóiriú.

An increase of 7.6% in the population of the State since 2016

Ardú 7.6 faoin gcéad ar dhaonra an Stáit ó 2016

Leave a Reply