20220623_IRISH_1,000_duine_maraithe_mar_gheall_ar_chrith_talun_san_afganastain



Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2k7o3gyn

Contact: irishlingos@gmail.com

Earthquake in Afghanistan kills 1,000 people.

1,000 duine maraithe mar gheall ar chrith talún san Afganastáin.

An earthquake in southeastern Afghanistan, close to the Pakistani border, is currently estimated to have killed at least a thousand people.

Áirítear faoi láthair thart ar mhíle duine a bheith maraithe mar gheall ar chrith talún a tharla in oirdheisceart na hAfganastáine, gar don teorainn leis an bPacastáin.

Hundreds were also injured by the seismic magnitude 6.1 earthquake and many more are believed to be trapped in the debris of their homes.

Gortaíodh na céadta chomh maith de bharr an chreatha talún a raibh méid sheismeach 6.1 ann agus tuigtear go bhfuil go leor eile sáinnithe i smionagar a dtithe.

The epicenter of the quake was in a remote mountainous area, 44 kilometers from the city of Khost.

Is i gceantar iargúlta sléibhtiúil, 44 ciliméadar ó chathair Khost, a bhí eipealár an chreatha.

The quake is reported to have been felt by 119 million people in Afghanistan, Pakistan and India.

Tuairiscítear gur airigh 119 milliún duine san Afganastáin, sa Phacastáin agus san India an crith.

Pictures published and broadcast in the media in Afghanistan show that upland villages have been shattered by nighttime earthquake and people sleeping.

Léiríonn picitúir a foilsíodh agus a craoladh sna meáin san Afganastáin gur leacaíodh sráidbhailte ar thalamh ard mar gheall ar an gcrith a tharla i gcaitheamh na hoíche agus daoine ina gcodladh.

The region is located on a tectonic plate that is being strongly pushed by another plate moving south from Pakistan.

Tá an réigiún suite ar phláta teicteonach atá á bhrú go láidir ag pláta eile atá ag gluaiseacht aneas ón bPacastáin.

Despite the turbulence of the land in the region, rescuers and rescuers are doing their best to reach the place.

Ainneoin aimhréidhe na talún sa réigiún, tá lucht tarrthála agus fóirithinte ag déanamh a ndíchill an áit a bhaint amach.

This is a major challenge for the Afghan authorities due to the lack of state – of – the – art infrastructure and equipment.

Is dúshlán mór é seo do na húdaráis san Afganastáin de cheal an bhonneagair agus an trealaimh is nua-aimseartha.

On top of that, international sanctions were imposed on the country when the Taliban came to power again last year.

Ar a mhuin sin, cuireadh smachtbhannaí idirnáisiúnta ar an tír nuair a tháinig an Talaban i gcumhacht arís anuraidh.

However, the United Nations continues to provide humanitarian assistance to the country and international teams are already on their way to the region.

Ce ea, tá na Náisiúin Aontaithe ag tabhairt cabhair dhaonnúil don tír i gcónaí agus tá foirne idirnáisiúnta ar a mbealach chun an réigiúin cheana féin.

Earthquake flattened villages in Afghanistan (Pic: Bakhtar News Agency)

Sráidbhailte leacaithe de bharr an chreatha talún san Afganastáin (Pic: Áisíneacht Nuachta Bakhtar)

Leave a Reply